An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fháclainne"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 62:
Nuair a tháinig na chéad taiscéalaithe ón [[Eoraip]] ar na hoileáin, ní bhfuair siad áitreabh ar bith rompu. Mar sin féin, tá iarsmaí [[seandálaíocht]]a - iarsmaí de shaighde agus de bháid - faighte i bhFáclainn a thugann le fios gur shroich daoine réamhstairiúla an t-oileánra fadó agus b'fhéidir, fiú, gur shocraigh siad síos ansin. Nuair a tháinig an chéad [[Eorpa]]ch i d[[tír]], bhí cineál ar leith den t[[sionnach]], an sionnach Fáclannach nó ''Dusicyon australis'', beo ansin i gcónaí (chuaigh sé in éag sa dara leath den [[19ú haois|naoú haois déag]]), agus síltear gurbh iad na daoine a thug an sionnach leo ó mhórthír [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]], cé go bhfuil sé incheaptha gur tháinig sé as féin nuair a bhí droichead talún idir Fáclainn agus an mhórthír, le linn na h[[Oighearaois|Oighearaois]]e deireanaí.
[[Íomhá:Primer mapa de las Islas Malvinas (1520) por Andrés de San Martín.jpg|clé|mion|las Islas Malvinas (1520), Andrés de San Martín]]
Creidtear gurbh é an mairnéalach [[An Ísiltír|Ollannach]], Sebald de Weert, ba
Sa bhliain 1690, bhí an captaen Sasanach John Strong ag iarraidh Puerto Deseado sa [[An Phatagóin|Phatagóin]] a bhaint amach, ach níor cheadaigh na gaotha dó é, agus ba éigean dó dul i dtír sna hoileáin. Ba eisean a d'ainmnigh na hoileáin as Viocúnta Falkland, an coimisinéir Aimiréalachta a mhaoinigh a thuras go Puerto Deseado.
|