An difríocht idir athruithe ar: "Lascadh paicéad"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Packet Switching.gif|mion]]
Is teicníocht [[Cumarsáid|chumarsáid]]<nowiki/>e é '''lascadh paicéad''' (''packet switching'' i mBéarla), an modh cumarsáide idir ríomhairí, ar an Idirlíon ina measc<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Hussey, Matt|date=2011|url=|title=Fréamh an Eolais|journal=|volume=|issue=}}</ref>. Úsáidtear lascadh paicéad i [[líonra ríomhaireachta|líonraí ríomhaireachta]] le [[paicéad|paicéid]] (aonaid eolais) a [[ródú]] idir nóid thar cainéil chumarsáide a roinntear le trácht eile. Is féidir [[codarsnacht]] a dhéanamh idir seo agus an phríomhtheicníocht chumarsáide eile ar a thugtar ciorcadlascadh.
 
 
 
Sa chás seo, cruthaítear ceangal ar leith idir dhá nód ar feadh an ama atá siad i mbun teagmhála. Tá lascadh paicéad i bhfad níos éifeachtaí mar mhodh cumarsáide ná ciorcadlascadh mar go mbaineann sé úsáid níos fearr as an mbandaraon atá ar fáil, íslíonn sé an aga folaigh aistrithe agus méadaíonn sé láidreacht na cumarsáide.
Line 18 ⟶ 20:
Mar mhalairt air sin, bhí na ríomhairí in ann sonraí a tharchur ag minicíocht suas go dtí oiread meigeabheart in aghaidh an tsoicind, agus ní bheadh ach cúpla milleasoicind i dteachtaireacht go minic.
[[Íomhá:Donald Davies.jpg|clé|mion|Donald Davies]]
Caolas amach is amach a bhí sna ciorcaid lasctha teileafóin. Phléigh Donald Davies leis an bhfadhb seo sa tSaotharlann Náisiúnta Fisice sa [[An Bhreatain|Bhreatain]], agus sna [[1960idí]] tháinig sé ar an smaoineamh go mb'fhéidir go mb'éifeachtaí an teachtaireacht féin a lascadh, mar a dhéantaí sa chóras [[teileagrafaíocht]]<nowiki/>a ag an am, in ionad lascadh na gciorcad mar a bhí sa chóras [[Teileafón|teileafóin]]. Is é a dhéantaí ina leithéid de chóras an teachtaireacht a ghearradh ina sraith leanúnach fo-chodanna nó paicéad, gach paicéad a stóráil is ansin a tharchur nuair a bheadh an líne le fáil, paicéad i ndiaidh paicéid, go mbeadh an teachtaireacht uile tarchurtha.
 
Dhéantaí an teachtaireacht bhriste a stóráil is a tharchur ag gach lasc sa chóras [[teileagrafaíocht]]<nowiki/>a. Bhuail an smaoineamh Davies freisin gurbh fhéidir an modh tarchurtha a dhéanamh níos éifeachtaí dá mb'fhéidir an mhoill ag gach lasc a laghdú.
 
Thaispeáin sé gur bhraith an mhoill sin ar an líon teachtaireachtaí nó paicéid teachtaireachtaí a bhí le tarchur, fad an phaicéid ina ngearrfaí an teachtaireacht, agus an mhinicíocht tarchuir ón lasco 1.5 meigeaghiotán in aghaidh an t[[soicind]] a bhí sa mhinicíocht seo sa bhliain 1965.