An difríocht idir athruithe ar: "An Chéad Chogadh Domhanda"

no edit summary
Is éard a bhí i gceist leis '''an gCéad Chogadh Domhanda''' nó '''an [[Cogadh]] Mór''' ná coimhlint [[An Domhan|dhomhanda]] a mhair ón mbliain [[1914]] go dtí an bhliain [[1918]]. Sháraigh sé na [[Cogadh|cogaí]] go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an g[[cogadh]] ba mhó agus ba scriosúla i [[stair]] an [[Cine daonna|chine dhaonna]] roimh [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san [[An Eoraip|Eoraip]]. Fágadh na milliúin [[Bás|marbh]], agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.
 
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo. Ba iad na Comhghuaillithe an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], [[Impireacht na Rúise]], agus [[an Fhrainc]], is é sin, an ''Entente'' Triarach, chomh maith leis [[an Iodáil]] nach ndeachaigh sa chogadh ach ní ba déanaí. Le fírinne bhí an chuma ar an scéal i dtús an chogaidh go dtaobhódh an [[Iodáil]] leis na Cumhachtaí Láir, ach ní mar sin a tharla. Ba iad na [[Cumhachtaí Láir]] ná [[An Ostair-Ungáir|Dé-mhonarcacht na hOstaire is na hUngáire]] agus [[Impireacht na Gearmáine]], [[an Bhulgáir]] agus [[An Tuirc|an Tuirc Otamánach]].
== Cúiseanna an chogaidh ==
 
=== Forógra ===
Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú [[Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire|Franz Ferdinand]], Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na h[[An Ostair|Ostair]]<nowiki/>e, i [[Sairéavó]] sa [[An Bhoisnia-Heirseagaivéin|Bhoisnia]]. D'fheallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an [[28 Meitheamh]] [[1914]], i [[Sairéavó]] ag [[Gavrilo Princip]]'''.''' Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.
[[Íomhá:The Outbreak of the First World War, 1914 Q81832.jpg|clé|mion|3 Lúnasa 1914: [[Pálás Buckingham]], léirsithe poiblí tírghrá ]]
Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an [[28 Iúil]] [[1914]], aithnítear go forleathan, nuair a d'fhógair an [[An Ostair-Ungáir|Ostair-Ungáir]] cogadh ar an t[[An tSeirbia|Seirbia]].
 
Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=Decade of Centenaries|údar=UCD|dáta=2016|dátarochtana=}}</ref>. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc.
 
Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an [[4 Lúnasa]] [[2014]]. Ar an lá céanna, dhearbhaigh [[Woodrow Wilson]] go raibh [[na Stáit Aontaithe]] neodrach.
 
Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an [[28 Iúil]] [[1914]], aithnítear go forleathan, nuair a d'fhógair an [[An Ostair-Ungáir|Ostair-Ungáir]] cogadh ar an t[[An tSeirbia|Seirbia]].
[[Íomhá:First World War Propaganda Posters Q33088.jpg|clé|mion|254x254px|[[Lusitania (long)|RMS Lusitania]] (1915) sa chúlra ]]
Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh.
[[Íomhá:Industry during the First World War- Dublin Q33214.jpg|mion|[[monarcha]] [[Shell]], sráid Parkgate, [[Baile Átha Cliath|BÁC]]]]
 
Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=Decade of Centenaries|údar=UCD|dáta=2016|dátarochtana=}}</ref>. Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis agus ar an bhFrainc.[[Íomhá:The Outbreak of the First World War, 1914 Q81832.jpg|clé|mion|3 Lúnasa 1914: [[Pálás Buckingham]], léirsithe poiblí tírghrá ]]Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg, d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe ar an [[4 Lúnasa]] [[2014]]. Ar an lá céanna, dhearbhaigh [[Woodrow Wilson]] go raibh [[na Stáit Aontaithe]] neodrach.
 
Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh.
=== Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda ===
[[Íomhá:William Redmond leading Irish troops during the First World War.jpg|clé|mion|195x195px|An Captaen Willie Redmond<ref>{{Lua idirlín|url=https://commons.wikimedia.org/wiki/File:William_Redmond_leading_Irish_troops_during_the_First_World_War.jpg|teideal='The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .|údar=Illustrated London News|dáta=6 Bealtaine 1916|dátarochtana=}}</ref>, Bealtaine 2016]]
Thacaigh ceannairí [[Aontachtóirí na hÉireann|Aontachtaithe]] láithreach leis an mBreatain sa Chogadh. Mhaigh [[John Redmond]] go mbeadh [[Óglaigh na hÉireann (1913-1919)|Óglaigh na hÉireann]] réidh le hÉirinn a chosaint freisin.
 
Nuair a bhris cogadh amach sa bhliain 1914, bhí thart ar 21,000 Éireannach ar freastal in [[Arm na Breataine]]<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.museum.ie/Decorative-Arts-History/Exhibitions/Current-Exhibitions/Soldiers-Chiefs-(1)/Soldiering-in-the-20th-21st-Centuries/World-War-I|teideal=Cogadh na nGairmeoirí|údar=museum.ie|dáta=|dátarochtana=28 Iúil 2018}}</ref>. Slógadh 47,000 oifigeach agus fear chúltaca eile go tapa sa chéad cúpla mí. Chuaigh formhór na saighdiúirí gairmiúla sin díreach isteach sa chogadh mar chuid d'''Fhórsa Sluaíochta na Breataine'' sa Fhrainc. Bhí siad oilte go maith, ach feistithe go lag don chineál chogaidh a bhí ag teacht go tapa.
Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in [[Arm na Breataine]] anuas ar an 50,000 duine a bhí ina [[saighdiúir]]í nó ina gcúltacairí ann cheana.
 
Liostáil thart ar 80,000 in Éirinn sa chéad 12 mhí den chogadh<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Eolas_stairi%C3%BAil/Comoradh_Stait/Com%C3%B3radh1916.pdf|teideal=Comóradh 1916|údar=taoiseach.gov.ie|dáta=2016|dátarochtana=29 Iúil 2018}}</ref>, ar tháinig os cionn a leath ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí an 10ú Rannán (Éireannach), a cruthaíodh i ndeireadh Lúnasa 1914, sa Chéad Arm Nua de 100,000 saighdiúir, "K1". Bhí trí bhriogáid ann. Bhí reisimintí le bunáiteanna i ngach ceann den cheithre chúige ag ceann díobh sin.
 
[[Íomhá:First World War Propaganda Posters Q33088.jpg|clé|mion|254x254px|[[Lusitania (long)|RMS Lusitania]] (1915) sa chúlra ]]Bhí an dara ceann  lonnaithe i gCúige Uladh agus bhí an tríú ceann lonnaithe sna trí chúige eile. Bunaíodh an 16ú Rannán (Éireannach) den Dara Arm Nua i Meán Fómhair, 1914. B’as Cúige Uladh briogáid amháin. Údaraíodh an 36ú Rannán (Ulaidh) an [[28 Deireadh Fómhair]] [[1914]]. Bhí sé  bunaithe ar eagar agus ar chomhaltas Óglaigh Uladh, a raibh aonad airtléire a raibh a bhunáit i Londain curtha leis. Bhí fir ann ó gach ceann de naoi gcontae Uladh. Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin.
 
Chuaigh Éireannaigh freisin le reisimintí Éireannacha ar nós
 
* Gardaí na hÉireann,
* "An Londain (Éireannach)",
* [[Íomhá:Industry during the First World War- Dublin Q33214.jpg|mion|[[monarcha]] [[Shell]], sráid Parkgate, [[Baile Átha Cliath|BÁC]]]]Cathláin Cois [[Tyne and Wear|Tyne]] d’Fhiúsailéirí [[Nortumbarlann|Northumberland]] agus an
* 1ú/8ú Reisimint [[Learpholl|Learphoill]] an Rí (Éireannach).
 
Chuaigh go leor eile isteach i reisimintí Sasanacha, Albanacha agus Breatnacha, an Ríoga, Airtléire, an Cór Eitilte Ríoga, an Cór Liachta, Cór Seirbhíse an Airm agus an [[Cabhlach cogaidh|Cabhlach Ríoga]].
 
D’fhóin [[Bean|mná]] mar bhanaltraí sa Díorma Cabhrach Saorálach sa líne tosaigh. Liostáil [[Imirce (daonra)|eisimircigh]] in airm san [[An Astráil|Astráil]], sa [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]], i g[[Ceanada]] agus san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]].  
 
De réir [https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Eolas_stairi%C3%BAil/Comoradh_Stait/Com%C3%B3radh1916.pdf taoiseach.gov.ie], <blockquote>"Ní raibh bealach ar bith go bhféadfadh na daoine a chuaigh chun troda an saol athraithe a  bheadh ann ag deireadh an Chogaidh a shamhlú. Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch.  Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí [[stair]]<nowiki/>iúla trína bheith ag  fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna". </blockquote>
[[Íomhá:Thomas Michael Kettle.jpg|mion|212x212px|Thomas Kettle]]
Chreid [[Thomas Kettle]], Iar-MP  Náisiúnach do [[Tír Eoghain|Thír Eoghain Thoir]] a d’fhóin in 8ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus a  maraíodh tráth a raibh sé ina Leifteanant:<blockquote>“Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.” </blockquote>Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach in [[Arm na Breataine]] anuas ar an 50,000 duine a bhí ina [[saighdiúir]]í nó ina gcúltacairí ann cheana.
 
== An cogaíocht ==
[[Íomhá:MustardGasBurns2.JPG|mion|úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh, 1918]]
 
Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar, ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na [[saighdiúir]]í sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón [[An Mhuir Thuaidh|Muir Thuaidh]] go teorainn na h[[An Eilvéis|Eilvéis]]<nowiki/>e.
=== Na céad urchair ===
Caitheadh na céad urchair ag [[Arm na Breataine]] ag an bhFronta Thiar ar an [[22 Lúnasa]] [[1914]] lasmuigh de [[Mons]] na Beilge ag 4th Royal Irish Dragoon Guards.
Ag tús an chogaidh bhí arm beag (Fórsa Sluaíochta na Breataine) de 70,000 saighdiúir curtha ag an mBreatain chun dul i gcoinne arm na Gearmáine a bhí ag déanamh ionradh ar an Fhrainc agus an Bheilg.
 
D’áirigh an Fórsa seo ceithre reisimint de Mharcshlua Éireannach agus naoi gcathlán coisithe Éireannacha.
 
=== Na buaicphointí ===
Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar,. achAch le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na [[saighdiúir]]í sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón [[An Mhuir Thuaidh|Muir Thuaidh]] go teorainn na h[[An Eilvéis|Eilvéis]]<nowiki/>e.
 
 
* [[Feachtas Gallipoli]], Eanáir - Bealtaine 1915. D'ionsaigh na na Comhghuaillithe [[Caolas]] na [[An Dardainéil|Dardainéile]], agus iad ag iarraidh [[Iostanbúl]] a bhaint amach trí [[Leithinis|Leathinis]] Gallipoli.
* [[Cath Loos]], 25 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair 1915. Seo an chéad uair a baineadh [[Arm na Breataine]] úsáid as [[Gás mustaird|gás]] [[Nimh|nimhe]] le linn an chogaidh.
11,394

edits