An difríocht idir athruithe ar: "Críochdheighilt na hÉireann"

Content deleted Content added
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 16:
Mar fhreagra ar [[Óglaigh Uladh]], chuir na Náisiúntóirí ar fud na hÉireann eagraíocht mhíleata dá gcuid féin ar bun - is é sin, [[Óglaigh na hÉireann]], a bhí meáite ar an Rialtas Dúchais a chinntiú d'Éirinn i ndiaidh an chogaidh, sa chás is go rachadh Londain siar ar a gealltanas faoi thionchar na nAontachtóirí, agus an dearcadh dáigh dochomhairleach a bhí acu siúd.
 
De réir a chéile, áfach, d'insíothlaigh [[Bráithreachas na Poblachta]] na hÓglaigh. Rúnchumann réabhlóideach ab ea an Bráithreachas, agus é dírithe ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Náisiúntóirí radacacha ab ea baill an Bhráithreachais, cosúil le [[Pádraig Mac Piarais]]. Ó bhí dhá eagraíocht pharaimíleata - Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann - ag druileáil agus ag máirseáil timpeall go hoscailte, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an tír, ach nuair a phléasc [[an Chéad Chogadh Domhanda]] amach, cuiread an ghéarchéim ar fionraí. Chuaigh an Rialtas Dúchais ar leabhar an dlí, ach má chuaigh féin, ní raibh sé le dul i bhfeidhm ach i ndiaidh an chogaidh.[[File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|mion|11 Nollaig 1924. [[Coimisiún na Teorann|Coimisiún na Teorann.]] Mr. J. R. Fisher; i lár: Mr. Justice Feetham; ar dheis, an Dr. Eoin MacNeill.|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Irish_Boundary_Commission's_first_sitting_in_Ireland_(31988303502).jpg|400x400px]]Rinneadh cnámh spairne den cheist seo arís, nuair a [[Éirí Amach na Cásca|d'éirigh na Náisiúntóirí amach]] um Cháisc na bliana [[1916]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuir na saighdiúirí Gallda an t-éirí amach faoi chois leis an mbrúidiúlacht a d'fhoghlaim siad i bpáirc an áir in Ilchríoch na hEorpa, agus cuireadh cúigear déag de cheannairí na Náisiúntóirí chun báis, an chuid ba mhó acu i b[[príosún Chill Mhaighneann]] i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna cruálacht na Sasanach ach tuilleadh gríosú a thabhairt don Náisiúnachas radacach, nó nuair a cimíodh na Náisiúntóirí measartha in éineacht leis na fíor-radacaigh, ní raibh an chéad dream acu i bhfad ag tolgadh an réabhlóideachais ón dara dream. B'é an neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil uathu anois, seachas an Rialtas Dúchais.
 
Tháinig torthaí na forbartha seo chun solais sna holltoghcháin i Mí na Nollag 1918, nuair a bhain [[Sinn Féin]] - páirtí na scarúnaithe - amach tromlach na suíochán parlaiminte in Éirinn. Ní dheachaigh Feisirí Shinn Féin go Westminster riamh. Ina áit sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath le parlaimint ar leith a bhunú d'Éirinn, parlaimint ar thug siad [[An Chéad Dáil|Dáil Éireann]] uirthi. Is é an rud a bhí déanta acu ansin ná slán a fhágáil ag an Ríocht Aontaithe go deo, cé nach bhfuair siad aitheantas aon tíre dá neamhspleáchas go fóill. San am céanna, thosaigh Óglaigh na hÉireann, a ghlac leis gurbh iad féin arm na tíre úrbhunaithe, - thosaigh siad ag cur cogaidh ar na fórsaí Gallda in Éirinn. Rinneadh an chéad ionsaí in Eanáir 1919 ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann]], agus maraíodh beirt [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|saighdiúirí dubha]] Caitliceacha a bhí ag seoladh coinsíneacht geiligníte.