An difríocht idir athruithe ar: "Acht na Gaeltachta 2012"

Content deleted Content added
m Ag cur tagairt eile leis.
mNo edit summary
Líne 3:
Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht: sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.
 
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Anois tá an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Tá deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar [[Líonraí Gaeilge]] nó mar [[Bailte Seirbhíse Gaeltachta | Bhailte Seirbhíse Gaeltachta]], faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.<ref>[http://www.udaras.ie/an-ghaeilge-an-ghaeltacht/an-proiseas-pleanala-teanga/ An Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht]- Údarás na Gaeltachta</ref> <ref>[http://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/12/Líonraí-Gaeilge.docx Líonraí Gaeilge]- Foras na Gaeilge</ref>
 
Chomh maith le leasuithe a dhéanamh ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm na [[Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 | Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030]] sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, déantar foráil faoin Acht chun líon comhaltaí bhord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.