An difríocht idir athruithe ar: "An Mheán-Ghaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Ba í '''an Mheán-Ghaeilge''' (''Gaoidhealg'' as Mheán-Ghaeilge) príomhtheanga na h[[Éire]]ann, [[Albain|hAlban]] agus [[Oileán Mhanann|Mhanann]] ón [[10ú haois]] go dtí an [[12ú haois]].
 
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na [[An tSean-Ghaeilge|Sean-Ghaeilge]], agus an [[An Mheán-Ghaeilge|Mheán-Ghaeilge]] ag teacht ina háit. [[Teangacha Ceilteacha|Teanga]] cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon [[An Caighdeán Oifigiúil|chaighdeán]] nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus [[Gramadach na Gaeilge|ghramadach]] chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir [[forcheartú]] a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ''ná'' de réir chaint na ndaoine.
 
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.