An difríocht idir athruithe ar: "Stailc agus Frithdhúnadh 1913 (Baile Átha Cliath)"

Content deleted Content added
Líne 45:
 
An diospóid oibreachais a tháinig sna sálaí ag an stailc ba í an ceann ba ghéire i stair na hÉireann. D'imir na fostóirí frithdhúnadh ar a gcuid lucht oibre, agus iad ag tabhairt isteach sáraitheoirí stailce ón mBreatain Mhór agus ó áiteanna eile in Éirinn. Bhí lucht oibre Bhaile Átha Cliath ar an mblár folamh ar fad i gcomparáid lena gcomhleithéidí sa chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus chaithfidís maireachtáil i dtuilleamaí pé deonachán a gheobhaidís ó Chomhdháil na gCeardchumann (TUC) agus ó fhoinsí eile in Éirinn, agus an Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar á roinnt go gortach ar na stailceoirí de réir a dhualgais féin. Bhí scéim ann go dtabharfaí clann na stailceoirí go dtí an Bhreatain Mhór lena bhfágáil faoi chúram lucht na gceardchumann thall ansin, ach níor cheadaigh an Eaglais Chaitliceach an plean seo a chur i gcrích, ar eagla go bhfoghlaimeodh na páistí Protastúnachas nó díchreideamh ó na Gaill thall. Thaobhaigh an Eaglais leis na fostóirí le linn an diospóid, nó shíl na heaglaisigh gur réabhlóidí dainséarach Sóisialach a bhí sa Lorcánach.
[[Íomhá:Larkin statue, Belfast (2) - geograph.org.uk - 1377274.jpg|mion|an Lorcánaigh, nó James Larkin, a bhí i gceannas ar na hoibrithe le linn an Fhrithdhúnta ([[Dealbhóireacht|dealbh]] i mBéal Feirste)]]
 
Tháinig na sluaite móra de stailceoirí ag déanamh picéid leis na sáraitheoirí a imeaglú. Ón taobh eile de, d'ionsaigh constáblaí ó Phóilíní Chathair Átha Cliath mórchruinnithe an lucht oibre le gabháil de smachtíní ar na hoibrithe. I Lúnasa 1913, fuair beirt fhear oibre bás nuair a d'ionsaigh na constáblaí cruinniú amháin ar Shráid Sackville (inniu, [[Sráid Uí Chonaill]]) agus gortaíodh na céadta eile. Ba é ba spreagadh don ionsaí ná gur tháinig Séamas Ó Lorcáin chuig an gcruinniú le hóráid a thabhairt. Tugann gluaiseacht lucht oibre na hÉireann ”[[Domhnach na Fola]]” ar na himeachtaí seo i gcónaí (cé go n-aithnítear dhá ”Dhomhnach Fola” eile i stair na hÉireann san fhichiú haois). Ní ba déanaí, mharaigh duine de na sáraitheoirí stailce fear oibre eile fós. Le cor a thabhairt in aghaidh an chaim bhunaigh an Lorcánach, Séamus Ó Conghaile agus Séamus Roibeard de Faoite, iar-Chaptaen in [[Arm na Breataine|Arm na Breataine Móire]], - bhunaigh siad mílíste lucht oibre, [[Arm Cathartha na hÉireann]], le léirsithe an lucht oibre a chosaint.
[[Íomhá:Countessmarkieviczandchildren.jpg|mion|Constance Markievicz]]