An difríocht idir athruithe ar: "Gaelscoil"

Content deleted Content added
Ag cur nasc air.
m fix
Líne 7:
 
 
[[Scoil]] lasmuigh de [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] na h[[Éire]]ann nó na h[[Albain|Alban]] ina n-úsáidtear [[Gaeilge]] mar mheán teagaisc í '''Gaelscoil''', agus i bhformhór na gcásanna bíonn páistí den dá [[inscne]] ag freastal uirthi. Ós rud é gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga, foghlaimíonn na daltaí go mear agus go líofa í agus bíonn siad [[dátheangachas|dátheangach]] laistigh de chúpla bliain. Anuas air sin, léiríonn suirbhéanna éagsúla go mbíonn caighdeán oideachais níos fearr ag daltaí na scoileanna seo ná mar a bhíonn ag formhór na scoileanna in Éirinn.<ref>[http://www.nuacht.com/index.tvt?_ticket=4APVOCKACK3SMLDEIOQNBTZDALOLQEHFURUSKONHBPVJAQOCGNRGUU21S0MAAQ6EAKLAEUTITRRHVR29ANVROXKACJ5S2QRFK10L9NTHLF3NBHSJ7SVEIOQL4AFDALONBHSM6QRFOPMAAQ4S2E2&_scope=La/Content/Nuacht&id=6846&_page=&psv=20 Nuacht.com - Léamh an Bhéarla níos fearr ag daltaí Gaelscoileanna - taighde]</ref> Aithníonn [[teangeangeolaí|teangeolaithe]] go bhfuil an dátheangachas ina bhuntáiste do dhaltaí, agus go gcabhraíonn sé le páistí a bheith níos fearr ag foghlaim [[teanga (cumarsáid)|teanga]]cha.
 
[[Bunscoil]]eanna is mó atá ag múineadh trí Ghaeilge ach tá fás ag teacht de réir a chéile ar líon na [[meánscoil]]eanna. Bhí sé le maíomh sa bhliain 2005 go raibh gaelscolaíocht ar fáil i ngach aon chontae sa tír, nuair a bunaíodh an chéad ghaelscoil i g[[Contae Liatroma]], an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin.<ref>http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=503&viewby=date</ref> Ba é [[Pádraig Mac Piarais]] a chuir tús leis an scolaíocht dhátheangach i g[[Coláiste Éinne]] ag tús an fichiú haois, agus bhí scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú ar fud [[Saorstát Éireann|Shaorstát Éireann]] agus na [[Poblacht na hÉireann|Poblachta]] ó shin i leith. Tháinig meath orthu tar éis gur athraigh an comhrialtas a bhí i gcumhacht ó 1973-77 na riachtanais teanga d'fhostaíocht stáit ach cuireadh tús le heagraíocht dheonach nua, Gaelscoileanna Teo., chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin go leor deacrachtaí, bunaíodh a lán scoileanna nua ar fud na hÉireann. Má chuirtear gaelscolaíocht Thuaisceart Éireann san áireamh, tá 171 bunscoil agus 7 aonaid bunscoil agus 31 meánscoil agus 17 aonaid dara-leibhéal lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht ag deireadh 2016, le breis is 50,000 dalta. Tá breis is 13,000 dalta ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge ag an mbun agus dara-leibhéil sa Ghaeltacht freisin. <ref>http://www.gaelscoileanna.ie/index.php?page=about_us</ref>