An difríocht idir athruithe ar: "Stair Bhaile Átha Cliath"

Content deleted Content added
Líne 82:
Cé gur tháinig ídiú suntasach ar Bhaile Átha Cliath i dtéarmaí saibhris agus tábhacht i ndiaidh Acht an Aontais, tharla gur fhás sé go leanúnach i rith an 19ú haois. Faoi 1900, bhí breis is 400,000 sa líon daonra inti. Agus an chathair ag dul i méid, tharla amhlaidh ar líon na bochtaineachta. Cé gur tarraingíodh uirthi mar “dhara cathair na hImpireachta (de chuid na Breataine)”, tharraing an líon fada tionóntán a bhí inti go leor cainte, agus thug scríbhneoirí, [[James Joyce]] ina measc, suntas iontu. Tarraingíodh droch-cháil ar limistéar darbh ainm Monto (an limistéar timpeall arbh í an dúiche faoi sholas dearg ab fhairsinge in Impireacht na Breataine, agus an méid beairicí de chuid Arm na Breataine, agus líon fada saighdiúirí dá bharr sin, sa chathair, go sonrach na Beairicí Ríoga (the Royal Barracks) ([[Collins Barracks]] níos déanaí agus ceann d’ionaid de chuid [[Ard-Mhúsaem na hÉireann]]). Cuireadh deireadh leis an striapachas i Monto sa deireadh i lár na 1920í, tar éis feachtas ina gcoinne a rinne [[an Léigiún Muire]] de chuid na hEaglaise Caitlicí, cé go raibh sí lagaithe go suntasach cheanna de dheasca aisghairm na saighdiúirí a tháinig i sála [[Conradh Angla-Éireannach|an Chonartha Angla-Éireannaigh]] (Nollaig 1921) agus bunaíocht [[Saorstát Éireann]] (6 Nollaig 1922).
===An Frithdhúnadh ===
''<small>'''Féach freisin [[Stailc agus Frithdhúnadh 1913 (Baile Átha Cliath)]]'''</small>''[[Íomhá:Big-Jim-Larkin.jpg|mion|Dealbh de James Larkin ar Shráid Uí Chonaill (Oisín Kelly 1977)]]In [[1913]], tharla go raibh ceann de na díospóidí oibre ba sheirbhe dár bhfacthas riamh in Éirinn nó sa Bhreatain chomh maith - ar a dtugtar [[Stailc agus Frithdhúnadh 1913 (Baile Átha Cliath)|an Frithdhúnadh]]. Bhunaigh [[Séamas Ó Lorcáin|'''Séamas Ó Lorcáin''']], ceardchumannaí sindeacáiteach míleatach [[Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann]] agus rinne sé iarracht feabhsaithe a bhaint amach do mhuintir an lucht oibre, neamhoilte agus oilte araon, ó thaobh pá agus coinníollacha de. Ba iad na modhanna a bhí aige chun dul i ngleic leis na cuspóirí siúd ná an idirbheartaíocht agus, mar ba ghá leis, stailc chomhbhá. Mar thoradh air sin, D’eagraigh [[William Máirtín Ó Murchadha|William Martin Ó Murchadha]], arbh úinéir an Chomhlachta Trama Bhaile Átha Cliath (Dublin Tram Company) é, cairtéal d’fhostóirí ar aontaigh gach ball de go gcaithfidís amach as a bpost na baill uile de chuid an cheardchumainn agus go gcuirfidís iallach ar a n-oibrithe eile a aontú nach rachaidís isteach leis. Dá réir sin, ghair Larkin ar na hoibrithe trama dul amach ar stailc, rud a d’fhág go gcaitheadh amach as a bpost iad, nó gur “fhrithdhúnadh” iad, murar ghlac siad le héirí as an gceardchumann. Tharla go raibh 25,000 oibrithe ar stailc nó frithdhúnta laistigh de mhí amháin de thús na stailce. 

Bhí círéibí duáilceacha i gcoinne Póilíní Chathair Átha Cliath ag na hagóidí le linn na díospóide (ar an 1 Meán Fómhair 2013), agus fágadh triúr marbh agus na céadta gortaithe ina sála siúd. Mar thoradh air sin, bhunaigh [[Séamus Ó Conghaile|'''Séamus Ó Conghaile''']] [[Arm Cathartha na hÉireann|'''Arm Cathartha na hÉireann''']] chun cosaint ó na póilíní a thabhairt don lucht a raibh ar stailc. Mhair an frithdhúnadh ar feadh sé mhí, agus faoina dheireadh bhí an chuid is mó de na hoibrithe, a raibh teaghlaigh stiúgtha ag a lán dóibh, tar éis éirí as an gceardchumann agus fillte ar ais ag obair.
 
Ag an am céanna, bhí na coinníollacha sláintíochta go dona sna tionóntáin. Ar an [[2 Meán Fómhair]] [[1913]], thit dhá theach go talamh ar Shráid an Teampaill (Church Street), uimhreacha 66 agus 67<ref>{{Cite news|teideal=The Church Street disaster, September 1913|url=https://www.historyireland.com/20th-century-contemporary-history/the-church-street-disaster-september-1913/|work=History Ireland|dáta=2013-03-05|dátarochtana=2018-09-01|language=en-US}}</ref>. Maraíodh seachtar, triúr páistí ina measc. Clampar poiblí an toradh ar an tragóid. Cuireadh feachtas bailiúchán airgid ar bun lena mbailítear £2,000<ref>{{Lua idirlín|url=http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf|teideal=Decade-of-Centenaries|údar=ucd.ie|dáta=2016|dátarochtana=2 M.F. 2018}}</ref>, agus bunaíodh Fiosrúchán Tithíochta<ref>{{Cite news|teideal=Column: ‘A tragedy of the very poor’ – Remembering the 1913 Church Street disaster|url=http://www.thejournal.ie/readme/1913-church-street-disaster-anniversary-1053950-Sep2013/|work=TheJournal.ie|dátarochtana=2018-09-01|language=en|údar=James Curry}}</ref>, údaraithe ag Augustine Birrell, Príomhrúnaí na hÉireann.
[[Íomhá:Dublin Church Street S 2012 09 28.jpg|clé|mion|Sráid an Teampaill inniu]]
Mhair an t-aighneas ón [[26 Lúnasa]] [[1913]] go dtí an [[18 Eanáir]] [[1914]], Mar thoradh air sin, bhunaigh [[Séamus Ó Conghaile|'''Séamus Ó Conghaile''']] [[Arm Cathartha na hÉireann|'''Arm Cathartha na hÉireann''']] chun cosaint ó na póilíní a thabhairt don lucht a raibh ar stailc. Mhair an frithdhúnadh ar feadh sé mhí, agus faoina dheireadh bhí an chuid is mó de na hoibrithe, a raibh teaghlaigh stiúgtha ag a lán dóibh, tar éis éirí as an gceardchumann agus fillte ar ais ag obair.
 
== Deireadh Riail na Breataine ==
In [[1914]], tar éis gar is trí aois den agóid, bhí an cuma ar an scéal go raibh Éire ar imeall '''[[Rialtas Dúchais]]''' a bhaint amach di féin, ach, seachas aistriú cumhachta síochánta ó riail dhíreach ón mBreatain go bhféinriar theoranta Éireannach, tharla go raibh beagnach deich mbliana den fhoréigean polaitíochta agus den éagobhsaíocht polaitíochta, rud a d’fhág sa deireadh go cuireadh scoilt i bhfad ní ba iomláine idir an Bhreatain ná mar a bheadh i gceist leis an Rialtas Dúchais. Faoi [[1923]], ba phríomhchathair [[Saorstát Éireann|'''Shaorstát Éireann''']] í Baile Átha Cliath, stát a bhí beagnach neamhspleách ar fad, agus a raibh feidhmeannas aige ar 26 as na 32 chontae in Éirinn.