An difríocht idir athruithe ar: "Nineteen Eighty-Four"

Content deleted Content added
Lotje (plé | dréachtaí)
Líne 26:
[[Íomhá:1984 Norma Crane Eddie Albert Studio One 1953.jpg|clé|mion|Studio One, CBS, 1953]]
Ceann de na siombailí lárnacha sa leabhar is ea an Deartháir Mór, deachtóir atá ag breathnú cosúil le [[Stailín]] agus le [[Hitler]] araon. Ní fhaigheann na léitheoirí, ná Winston Smith, amach riamh, an fíordhuine é an Deartháir Mór ar aon nós, nó an amhlaidh nach bhfuil ann ach samhailchomhartha a sheasann do lucht stiúrtha an Pháirtí. Tá naimhde de dhíobháil chomh maith: is é Goldstein an príomhnamhaid. Ball den Pháirtí Inmheánach a bhí ann a d'iompaigh ina fhealltóir.
[[Íomhá:Denis1984Denis Côté l'écrivain lisant "1984" de George Orwell.jpg|mion|ag léamh]]
Tá Winston Smith féin ag obair do Roinn na Fírinne, nó ''Minitruth'' (''Fíroinn''), mar a thugtar uirthi sa Nua-Chaint. Is é is Nua-Chaint ann ná leagan saorga den Bhéarla a bhfuil na neamhrialtachtaí agus na débhríochtaí uile bainte de, ionas nach féidir smaoineamh eiriciúil ar bith a chur i bhfoclaibh ann: mar shampla, níl coincheap na "saoirse" ann a thuilleadh, ach amháin sa chiall nithiúil ("tá an madra seo saor ó dhreancaidí", cuir i gcás). D'fhéadfá a rá gur cineál iriseoir é Winston, agus é ag cumadh scéalta faoi laochra a fuair bás ar son na hAigéine (laochra nach raibh ann riamh dháiríre) nó ag cur Nua-Chainte ar chlasaicigh Shean-Chainte.
[[Íomhá:Barnhill (Orwell's 1984) - panoramio (1).jpg|mion|"Barnhill", áit a scríobhadh an leabhar]]