An difríocht idir athruithe ar: "Cúmánaigh"

Content deleted Content added
No edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nascanna
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
[[Íomhá:Asia 1200ad.jpg|300px|thumb|[[An Áise]] sa bhliain [[1200]], ag taispeáint na gCúmánach agus a gcomharsana.]]
Treibh Thurcach ab ea na '''Cúmánaigh''' a shocraigh síos i ndeisceart na [[An Rúis|Rúise]] timpeall [[Volga|Abhainn Volga]], chomh maith le hoirthear na mBalcán, san aonú haois déag i ndiaidh bhreith Chríost. Ar dtús, bhí siad ag cur cogaidh ar an Impireacht Bhiosántach, ar na hUngáraigh agus ar Rúis na linne, is é sin, ar an stát sean-Rúiseach, nó sean-Úcráineach, timpeall Chíév[[Cív|Chív]]. Sa bhliain 1089, bhris Ladislas a hAon, Rí na [[An Ungáir|hUngáire]], an cath orthu, agus ina dhiaidh sin, thacaigh siad leis na Biosántaigh in aghaidh na bPeitsineagach, ar treibh Thurcach eile iad. Ón taobh eile de, bhí na Cúmánaigh ag cuidiú leis na Bulgáraigh neamhspleáchas a bhaint amach ón Impireacht Bhiosántach sa bhliain 1185.
 
Sa tríú haois déag, chuaigh Cúmánaigh an Iarthair leis an g[[Caitliceachas]], agus an chraobh de na Cúmánaigh ar a dtugtaí Gagauz, ghlac siad leis an gCríostaíocht Oirthearach. D'iompaigh na Cúmánaigh Oirthearacha leis an Ioslam, agus d'imigh siad i measc threibheacha Turcacha eile a bhfuil cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus in aice leis an Rúis.