An difríocht idir athruithe ar: "Cúmánaigh"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nascanna
clib: Mobile edit Mobile web edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nasc
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 2:
Treibh Thurcach ab ea na '''Cúmánaigh''' a shocraigh síos i ndeisceart na [[An Rúis|Rúise]] timpeall [[Volga|Abhainn Volga]], chomh maith le hoirthear na mBalcán, san aonú haois déag i ndiaidh bhreith Chríost. Ar dtús, bhí siad ag cur cogaidh ar an Impireacht Bhiosántach, ar na hUngáraigh agus ar Rúis na linne, is é sin, ar an stát sean-Rúiseach, nó sean-Úcráineach, timpeall [[Cív|Chív]]. Sa bhliain 1089, bhris Ladislas a hAon, Rí na [[An Ungáir|hUngáire]], an cath orthu, agus ina dhiaidh sin, thacaigh siad leis na Biosántaigh in aghaidh na bPeitsineagach, ar treibh Thurcach eile iad. Ón taobh eile de, bhí na Cúmánaigh ag cuidiú leis na Bulgáraigh neamhspleáchas a bhaint amach ón Impireacht Bhiosántach sa bhliain 1185.
 
Sa tríú haois déag, chuaigh Cúmánaigh an Iarthair leis an g[[Caitliceachas]], agus an chraobh de na Cúmánaigh ar a dtugtaí Gagauz, ghlac siad leis an g
[[CríostaíochtCeartchreidmheas|gCríostaíocht Oirthearach]]. D'iompaigh na Cúmánaigh Oirthearacha leis an [[Ioslam]], agus d'imigh siad i measc threibheacha Turcacha eile a bhfuil cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus in aice leis an Rúis.
 
Maidir leis na Cúmánaigh Chríostaí, chaill an chuid is mó acu a dteanga agus a bhféiniúlacht chultúrtha i rith na gcéadta bliain, agus iad ag glacadh le príomhtheanga na dtíortha ina raibh cónaí orthu - [[an Ungáiris]] nó [[an Rómáinis]], go príomha. Is dócha gur éag cainteoir dúchais deireanach na Cúmáinise Ungáraí san tseachtú haois déag. Mar sin féin, bhí sórt féinrialtais ag na Cúmánaigh áitiúla san Ungáir i bhfad i ndiaidh dóibh a dteanga agus a nósanna a dhearmad. Is é sin, cé go raibh an cultúr imithe, tugadh aitheantas dóibh mar ghrúpa eitneach ar leith. Bhí an polasaí céanna i bhfeidhm san Ungáir i leith an phobail úd "[[Jász]]", a raibh [[teangacha Iaránacha|teanga Iaránach]] ag a sinsir. Níor tháinig deireadh le féinrialtas na gCúmánach Ungárach ach sa naoú haois déag.