An difríocht idir athruithe ar: "Cúmánaigh"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nasc
clib: Mobile edit Mobile web edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nasc
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 3:
 
Sa tríú haois déag, chuaigh Cúmánaigh an Iarthair leis an g[[Caitliceachas]], agus an chraobh de na Cúmánaigh ar a dtugtaí Gagauz, ghlac siad leis an
[[CeartchreidmheasCeartchreidmheachas|gCríostaíocht Oirthearach]]. D'iompaigh na Cúmánaigh Oirthearacha leis an [[Ioslam]], agus d'imigh siad i measc threibheacha Turcacha eile a bhfuil cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus in aice leis an Rúis.
 
Maidir leis na Cúmánaigh Chríostaí, chaill an chuid is mó acu a dteanga agus a bhféiniúlacht chultúrtha i rith na gcéadta bliain, agus iad ag glacadh le príomhtheanga na dtíortha ina raibh cónaí orthu - [[an Ungáiris]] nó [[an Rómáinis]], go príomha. Is dócha gur éag cainteoir dúchais deireanach na Cúmáinise Ungáraí san tseachtú haois déag. Mar sin féin, bhí sórt féinrialtais ag na Cúmánaigh áitiúla san Ungáir i bhfad i ndiaidh dóibh a dteanga agus a nósanna a dhearmad. Is é sin, cé go raibh an cultúr imithe, tugadh aitheantas dóibh mar ghrúpa eitneach ar leith. Bhí an polasaí céanna i bhfeidhm san Ungáir i leith an phobail úd "[[Jász]]", a raibh [[teangacha Iaránacha|teanga Iaránach]] ag a sinsir. Níor tháinig deireadh le féinrialtas na gCúmánach Ungárach ach sa naoú haois déag.