An difríocht idir athruithe ar: "Cúmánaigh"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nasc
clib: Mobile edit Mobile web edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Nasc
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 9:
D'fhág na Cúmánaigh cuid mhaith téacsanna ina dteanga féin ina ndiaidh, go háirithe an ''Codex Cumanicus'', sórt lámhleabhar do na misinéirí Caitliceacha a bhí ag iarraidh an teanga a labhairt. Mar sin, tá an t[[Aivé Máiria]] agus an t[[Ár nAthair]] ar fáil sa Chodex sa teanga, chomh maith le hábhar Críostaí eile agus béaloideas Cúmánach. Ós rud é gur [[teangacha Tuircice|teanga Thurcach]] (nó teanga Tuircice) atá i gceist, níl sé deacair ag saineolaithe ar an léann Turcach ciall iomlán a bhaint as an gCúmáinis. Is í an Tatáiris Chriméach an teanga is gaolmhaire leis an gcineál seo Cúmáinise, ach ós rud é nach ndeachaigh na Cúmánaigh Chríostaí leis an Ioslam riamh, ní raibh an oiread focal iasachta ón Araibis agus ón bPeirsis ina dteanga agus a bhíonn i dteangacha Tuircice an lae inniu.
 
Maidir leis na ''Gagauz'', a ghlac leis an gCríostaíocht Oirthearach, labhraíonn 150,000 duine acu a dteanga féin i gcónaí, an chuid is mó acu sa [[an Mholdóiv|Mholdóiv]], áit a bhfuil poblacht fhéinrialaitheach dá gcuid féin acu. Ní thugann siad "Cúmánaigh" orthu féin, áfach, agus dealraíonn sé nach Cúmánaigh amháin a bhí ina gcuid sinsear, ach iarsmaí na bpobal Turcach eile freisin a raibh cónaí orthu sna Balcáin, nó a dtriall ansin.
 
Cé go ndeachaigh na Cúmánaigh de dhroim an tsaoil mar dhream eitneach ar leith, fanann a n-iarsmaí sna logainmneacha agus in ainmneacha na ndaoine. Mar shampla, is féidir tagairt do na Cúmánaigh a aithint ar shloinne an ghleacaí Rómanaigh [[Nadia Comăneci]].