An difríocht idir athruithe ar: "An Chorsaic"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 3:
Tá 275,000 duine ina gcónaí ann.
 
Rugadh [[Napoléon Bonaparte|Napoleon Bonaparte]] ann sa bhliain 1769, i bpríomhchathair an oileáin, [[Ajaccio]]. An teach ina raibh a mhuintir ina chónaí san am, is é sin ''Maison Bonaparte'', is músaem é inniu.
 
Meastar an Chorsaic, de gnáth, mar cheann de 26 reigiúin de chuid na Fraince, cé go go bhfuil stádás, de réir dlí, mar 'thiomsaitheacht chríche' (''collectivité territoriale'' i bhFraincis) uirthi.
Áirítear an Chorsaic ar réigiún de chuid na Fraince, cé gurb é an stádas atá ag an oileán sa dlí ná ''collectivité territoriale'', is é sin, "tiomsaitheacht chríche". Ciallaíonn sin mar shampla go bhfuil "dáil" nó "parlaimint" na Corsaice, an ''Assamblea di Corsica'', níos cumhachtaí ná mar a bhíonn na tionóil réigiúnacha san Fhrainc de ghnáth.
 
Is iad Ajaccio agus [[Bastia]] an dá chathair is mó san oileán. Sna blianta 1975-2018 bhí an t-oileán roinnte ina dhá chúige, mar atá, ''Haute-Corse'' ("Uachtar na Corsaice") agus ''Corse de Sud'' ("Deisceart na Corsaice"), agus ba í Bastia príomhchathair Haute-Corse. Tháinig deireadh leis an deighilt seo sa bhliain 2018, áfach, agus is aon aonad riaracháin amháin é an t-oileán arís.
 
Is í an Fhraincis is mó a labhraítear san oileán inniu, ach tá a dteanga féin ag muintir na Corsaice, an Chorsaicis, cé nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag céatadán beag ag bunadh an oileáin inniu. Is iad na canúintí úd ''Gallurese'' agus ''Sassarese'' i dTuaisceart na Sairdíne na teangacha is mó gaol leis an gCorsaicis, agus deir cuid de na teangeolaithe go bhfuil siad - an teanga ''Gallurese'' ach go háirithe - níos cóngaraí don Chorsaicis ná don tSairdínis.
 
[[Íomhá:Corsica topo.png|thumb|left|250px|Topagrafaíocht]]