An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 46:
 
Ag deireadh na bliana sin, bhí an scéim i ndiaidh 357,000 punt a thabhú don IRA. D'fhaigheadh na comhairlí áitiúla rátaí as an gciste seo, nó bhí siad faoi smacht an IRA, agus ní íocfaidís cianóg rua leis na Gaill.
[[Íomhá:Soloheadbeg proclomation.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Soloheadbeg%20proclomation.jpg|mion|Luíochán na Sulchóide Bige eisíodh forógra, 19 Eanáir 1919]]
Luíochán na Sulchóide Bige eisíodh forógra
 
Chaith Éamon de Valera tús an chogaidh sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], agus é ag iarraidh tacaíocht na Meiriceánach a bhaint amach don Phoblacht úr. Nuair a tháinig sé abhaile i ndeireadh na bliana 1920, d'éiligh sé in óráid a thug sé sa Dáil go n-éireodh na hÓglaigh as an treallchogaíocht, as na luíocháin agus as an eadarnaí. Bhí sé inbharúla nach ndéanfadh a leithéid ach dochar is damáiste do chúis na hÉireann, ó ba chruthúnas é ar iarrachtaí na bolscaireachta Gallda an tIRA a chur os comhair an tsaoil mhóir mar dhrong de sceimhlitheoirí. B'fhearr, dar leis, cogaíocht chomhghnásach a chleachtadh. Ar ndóigh, ní bhfuair sé ón Dáil ach diúltú glan, nó ní fhéadfadh an tIRA bua a bhreith ar shaighdiúirí na Breataine Móire, agus an taithí oibre a fuair siadsan sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach dul i dtuilleamaí oirbheartaíocht an treallchogaidh.