An difríocht idir athruithe ar: "Ceimic"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 24:
* An [[Bithcheimic|Bhithcheimic]]: Sin é an t-ainm a thugtar sa lá atá inniu ann ar cheimic na neacha beo agus ar an dóigh a n-úsáidtear coincheapa agus modhanna oibre na ceimice sa bhitheolaíocht.
* An [[Ceimic Fhisiceach|Cheimic Fhisiceach]]: Shoiléirigh an [[meicnic chandamach|mheicnic chandamach]] sa bhliain 1926, go raibh bunús fisice taobh thiar den cheimic. Go bunúsach, déanann an ceimiceoir fisiceach taighde ar an mbaint atá ag an gceimic leis an bhfisic. Mar shampla, is suim leis [[teirmidinimic]] na ceimice, [[cinéitic]] na n-imoibrithe ceimiceacha, an [[leictriceimic]], an [[meicnic staitisteach|mheicnic staitisteach]], agus an [[speictreascópacht]]. Is deacair an cheimic fhisiceach a aithint go soiléir ón bh[[fisic mhóilíneach]]. Tá gá ag an gceimiceoir fisiceach leis an [[calcalas|gcalcalas]] agus é ag fréamhú a chuid [[cothromóid|cothromóidí]]. Baineann an cheimic fhisiceach go dlúth leis an gceimic theoiriciúil agus le ceimic an chandaim.
Line 57 ⟶ 55:
[[Íomhá:Atom.png|frame|Léaráid a léiríonn an t-adamh [[héiliam]]]]
Ba é an Gréagach [[Democritos]] (t. 450 R. Ch.) a chéadchuir i bhfáth an teoraic go raibh na damhnaí uile déanta d'adaimh. De réir an fhealsaimh úd, ní féidir leanúint de roinnt damhna ar bith go síoraí, mar go dtiocfaí ar deireadh ar [[cáithnín|cháithníní]] nó mhionbhair den [[damhna]] nach bhféadfaí a roinnt níos mó. Ar cháithníní díobh sin, thug Democritos an t-ainm ([[Gréigis]]: άτομον, '''atmos''' (adamh), a chiallaíonn aonad do-roinnte. B'inmheasta dó go raibh na hadaimh an-mhion agus go raibh uimhir ollmhór díobh fiú sa ghiota ba lú de dhamhna a bhí sofheichte.
Go deimhin, bhí os cionn dha mhíle bliain le himeacht sula bhfuarthas fianaise thurgnamhach go raibh dúile déanta de na haonais bhunúsacha úd.
Line 81 ⟶ 80:
Bíonn na comhdhúile ianacha sothuaslagtha san uisce, toisc gur tuaslagóir polach é an t-uisce. Is é sin, tá pol diúltach agus pol deimhneach ag an móilín uisce - deirtear gur déphol é an móilín uiscec—é go bhfuil an móilín féin neodrach. Aomann an pol diúltach iain dheimhneacha, agus na hiain dhiúltacha ag tarraingt ar an bpol eile.
Sampla de chomhdhúil ianach é an gnáthshalann, is é sin, an chlóiríd sóidiam. Tá an salann an-difriúil leis an dá dhúil a bhfuil sé comhdhéanta as, mar atá, an clóirín agus an sóidiam. Gás buíghlas nó uaine é an clóirín a bhfuil boladh láidir as, agus nimh atá ann don duine, nó oibríonn sé go tubaisteach ar na scamhóga: níl tiúchan mór clóirín san aer análaithe de dhíth le héidéime scamhógach a tharraingt ar an duine, is é sin, na scamhóga a líonadh le sreabh nó leacht a thachtfaidh an t-othar
{{glanadh}}
Nuair a dhóitear an miotal [[sóidiam]] Na<sup>+</sup> i ngás [[clóirín]] Cl<sup>−</sup> fabhraítear clóiríd sóidiam NaCl (
Bíonn cruthú naisc ianaigh nó aistriú iomlán leictreoin ó adamh sóidiam go hadamh clóirín i gceist san imibriú seo.
Line 126 ⟶ 125:
Is athruithe fisiceacha amháin a thagann ar dhamhnaí sna cásanna seo a leanas: reo, leá, galú agus tuaslagadh. Cibé méid uaireanta a thagann athrú staide ar damhna íonghlan, ní chlaochlaítear é.
Bíonn na hathruithe staide seo inchúlaithe. I gcás an mhóilín H<sub>2</sub>O mar shampla, is féidir na hathruithe seo a léiriú mar seo a leanas:
Line 159 ⟶ 157:
* {{fr}} [http://www.sfc.fr/ Société Française de Chimie] (SFC)
* {{fr}} [http://www.swiss-chem-soc.ch/index.html/ Société Suisse de chimie (SSC)]
== An Cheimic Idirphearsanta ==
== Sanasaíocht ==
|