An difríocht idir athruithe ar: "Frederick Douglass"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 15:
| líonláithreán =
}}
Daonuasclóir, leasaitheoir sóisialta, [[Scríbhneoir|údar]], agus óráidí [[SAM|Meiriceánach]] ab ea '''Frederick Douglass''' (a rugadh mar '''Frederick Augustus Washington Bailey''' i mí Feabhra, [[1818]] – [[20 Feabhra]] [[1895]])<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.coisceim.ie/frederick.html|teideal=Frederick Douglass in Éirinn|údar=Christine Kinealy|dáta=2016|foilsitheoir=Coiséim|dátarochtana=2018}}</ref>. Rugadh Douglass mar [[Sclábhaíocht|sclábhaí]] i gContae Talbot i [[Maryland]]. Scríobh sé roinnt
Bhí úinéirí agus maoir éagsúla ar Douglass, agus cuireadh é ag obair d'fhir eile fós uaireanta, freisin. I ndiaidh drochíde a fhulaingt uathu go léir agus le cuidiú bean ghorm shaor a thit sé i ngrá léi, d'éirigh le Douglass éalú.
Thug Douglass cuairt ar an mBreatain agus ar [[Éirinn]] sna blianta 1845–47
==A luathshaol==
Rugadh Frederick Douglass ar phlandáil i Maryland ar an mbruach thoir den Bhá [[Chesapeake, Virginia|Chesapeake]]. Ní raibh lá ná bliain a bhreithe lánchinnte ach rugadh é am éigin i mí Feabhra. Glactar leis gur sa bhliain 1818 a rugadh é. Maidir le dáta a bhreithe chinntigh sé é a cheiliúradh ar an 14ú lá de mhí Fheabhra. Thug a mháthair, Harriet Bailey, a sloinne féin dó. D'éirigh Douglass as úsáid an dá ainm láir a tugadh air sách luath ina shaol, agus thosaigh sé ar Douglass a úsáid in áit Bailey i ndiaidh dó a shaoirse a bhaint amach ní ba dhéanaí sa tuaisceart.
Scaradh Douglass óna mháthair agus é an-óg. Thug a sheanmháthair aire dó. Fuair a mháthair bás nuair a bhí sé 10 mbliana d'aois. Cuireadh é chuig Plandáil Theach Wye, plandáil mhór chlúiteach i Maryland, nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois. Ansin d'oibrigh sé faoi mhaor darbh ainm Aaron Anthony. Ní ba dhéanaí tugadh é do Lucretia Auld. Thug a fear céile, Thomas Auld, an buachaill dá dheartháir, Hugh, i m[[Baltimore, Maryland]].
Thosaigh Sophia Auld, bean Hugh, ag múineadh na haibítre do Douglass nuair a bhí sé 12 bhliain d'aois ach chuir Hugh Auld stad leis sin chomh luath agus a chuir sé faoi deara a bhí ar siúl acu. Lean an buachaill ag foghlaim as a stuaim féin agus ó pháistí geala sa chomharsanacht. Tugadh léasadh dó babhta amháin nuair a chonacthas é ag léamh páipéir nuachta.
[[Íomhá:
==Éalú ón sclábhaíocht==
Rinne Frederick Douglass iarrachtaí éalú, an chéad uair ó fhear darbh ainm Freeland ar tugadh Douglass ar iasacht dó. Ansin rinne sé iarracht
Sa bhliain 1837 casadh Ann Murray air, bean ghorm shaor as Baltimore a bhí 5 bliana ní ba shine ná é. Ar 3 Meán Fómhair 1838, d'éirigh leis éalú ar bord traenach le cuidiú Murray agus duine eile. D'imigh sé ón traein agus é i Maryland go fóill. Bhí sé feistithe mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, rinne sé a bhealach ó thuaidh go hindíreach trí [[Delaware]], stát eile ina raibh sclábhaíocht ar siúl, agus ansin go [[Philadelphia]] agus [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]]. Sa chathair seo mhothaigh sé go raibh sé saor. Le cabhair ó dhaonuasclóir ansin thug sé faoi shaol nua. Phós seisean agus Ann Murray ar 15 Meán Fómhair 1838, agus chuir siad fúthu i [[New Bedford, Massachusetts]]. [[Íomhá:Anna Murray-Douglass.jpg|mion|Anna Murray-Douglass, bhean chéile Frederick Douglass]]
==Sa ghluaiseacht i gcoinne na sclábhaíochta dó==
Chuaigh Douglass leis an Eaglais Afraiceach Modhach agus sa bhliain 1839 bronnadh ceadúnas dó mar sheanmóirí. Chuidigh a chuid oibre san eaglais sin lena scileanna óráide a líomh. Tháinig Douglass faoi anáil an daonuasclóra úd [[William Lloyd Garrison]], agus d'aithin Garrison gur duine cumasach é Douglass chomh maith. Thug Douglass a chéad óráid in aghaidh na [[sclábhaíocht]]a in Elmira, [[Nua-Eabhrac (stát)|Nua-Eabhrac]] i 1840, stad ar an "Iarnród faoi Thalamh".
D'éirigh go maith le Douglass arís nuair a hiarradh air labhairt ón stáitse ag cruinniú frithsclábhaíochta eile. Labhair sé ag cruinniú bliantúil Chumann Frithsclábhaíochta Massachusetts i [[Nantucket]] go gairid ina dhiaidh sin agus as sin amach bhí éileamh rialta air mar chainteoir ag cruinnithe den chineál sin.[[Íomhá:Unidentified Artist - Frederick Douglass - Google Art Project-restore.png|mion|clé|Frederick Douglass, agus é timpeall 29 bliana d'aois]] ==Dírbheathaisnéisí==
Foilsíodh an chéad chuntas ar a shaol óna pheann féin sa bhliain 1845 faoin teideal ''Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave''. Cuireadh fáilte roimhe cé go rabhthas ann a raibh amhras orthu go mbeadh iarsclábhaí nó duine gorm ar bith ábalta cuntas a scríobh ar chaighdeán chomh hard sin.
Taobh istigh de 3 bliana díoladh 11,000 cóip den [[leabhar]] agus bhí 9 gcló de dhíth chun an t-éileamh a shásamh. Foilsíodh an leabhar san [[An Eoraip|Eoraip]] chomh maith agus aistríodh é go [[An Fhraincis|Fraincis]] agus go [[An Ollainnis|hOllainnis]]. Tháinig dhá eagrán athcheartaithe agus méadaithe amach sna blianta níos déanaí ina shaol. Sa bhliain 1855 cuireadh leabhar eile fós amach uaidh, Foilsíodh ''The Life and Times of Frederick Douglass'' i 1881 (eagrán athcheartaithe i 1892). [[Íomhá:Frederick Douglass and the White Negro.png|mion|[[Scannán]] "Frederick Douglass and the White Negro"]]
==An turas go dtí an Bhreatain Mhór agus go hÉirinn==
Sa bhliain 1845, sna sála ar fhoilsiú an chéad leabhair uaidh agus ar eagla go ndéanfadh Hugh Auld, an duine deireannach ina "úinéir" ar Douglass, iarracht seilbh a ghlacadh air arís, thug Douglass aghaidh ar Éirinn agus an Bhreatain Mhór. Níorbh é an chéad iar-sclábhaí a rinne a leithéid. Chuaigh sé ar bord an ''Cambria'' go [[Learpholl]] Shasana ar 16 Lúnasa 1845.
Bhí an [[An Drochshaol|Drochshaol]] ag tosnú in Éirinn ag an am. Chuir an tréimhse sin aige in Éirinn athrú ar dhearcadh Douglass féin. As sin amach, "bhí an choimhlint in aghaidh na daoirse i Meiriceá mar chuid de choimhlint níos leithne chun an ceartas soisalta a bhaint amach do chách ar fud an domhain", dar le Christine Kinealy.
[[Íomhá:Mural, Falls Road, Belfast (2) - geograph.org.uk - 802504.jpg|clé|mion|múrphictiúr, [[Bóthar na bhFál]], [[Béal Feirste]]]]
==Naisc sheachtracha==
* [http://rbscp.lib.rochester.edu/2494 Tionscadal Frederick Douglass in Ollscoil Rochester. Arna rochtain ar 28 M.F. 2015]
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
|