Difference between revisions of "Dervla Murphy"

no edit summary
[[Íomhá:Dervla Murphy.jpg|thumb|Dervla Murphy]]
Is scríbhneoir Éireannach í '''Dervla Murphy''' (ar an 28 Mí na Samhna 1931 a rugadh í) atá tugtha don taisteal, go mór mhór ar rothar nó, corruair, ar mhiúil nó ar chapall. Tá sí ag scríobh leabhar faoina cuid eachtraí taistil le corradh agus dhá scór bliain anuas. Rinne sí an chuid ba mhó den taisteal seo ina haonar nó lena hiníon, gan ach na rudaí is bunúsaí á dtabhairt léi ach ag brath ar fhlaithiúlacht na ndaoine áitiúla. In ainneoin cuid mhór den domhan a bheith siúlta aici, cónaíonn sí go fóill san áit ar rugadh í, is é sin, [[LiosMiúil Mór(ainmhí)|mhiúil]] inó ar g[[Contae Phort LáirgeCapall|chapall]].
 
Tá sí ag scríobh [[leabhar]] faoina cuid eachtraí taistil le corradh agus dhá scór bliain anuas. Rinne sí an chuid ba mhó den taisteal seo ina haonar nó lena hiníon, gan ach na rudaí is bunúsaí á dtabhairt léi ach ag brath ar fhlaithiúlacht na ndaoine áitiúla.
 
In ainneoin cuid mhór den domhan a bheith siúlta aici, cónaíonn sí go fóill san áit ar rugadh í, is é sin, [[Lios Mór]] i g[[Contae Phort Láirge]].
== A luathshaol ==
[[Íomhá:Blackwater River, Lismore. County Waterford, Ireland LOC 4426639545.jpg|clé|mion|366x366px|[[Lios Mór]] i g[[Contae Phort Láirge]]]]
 
Ba as [[Baile Átha Cliath]] tuismitheoirí Dervla Murphy ón tús. Chuir siad fúthu i Lios Mór i gContae Phort Láirge i ndiaidh a hathair a beith ceaptha mar leabharlannaí chontae ansin. Nuair a bhí sí bliain d’aois, bhuail an t-airtríteas scoiltigh a máthair. Moladh dóibh gan a thuilleadh páistí a bheith acu agus mar sin d’fhás Dervla aníos ina haonar.<ref name = "wheels">Murphy, D. (1979) ''Wheels Within Wheels.''</ref>
 
 
== Taisteal agus scríbhinní ==
[[Íomhá:Mule Ride, Bryce Canyon (5882145474).jpg|clé|mion|ar [[Miúil (ainmhí)|mhiúil]] ]]
Sa bhliain 1963, chuir Murphy chun bóthair ar a céad turas fada ar rothar, gan a bheith ag brath ach uirthi féin ó Éirinn go dtí an India. Thug sí piostal léi in éineacht leis an trealamh eile ar bord Roz, a rothar Armstrong Cadet, agus as d'imigh sí léi tríd [[an Eoraip]] le linn ceann de na [[geimhreadh|geimhridh]] ba mheasa le blianta anuas. [[an Iúgslaiv|San Iúgslaiv]] di, thosaigh sí ag scríobh dialainne in áit a bheith ag cur litreacha abhaile. [[an Iaráin|San Iaráin]] bhí an piostal áisiúil aici agus í ag cur ruaige ar baicle gadaithe, agus bhain sí feidhm as beart a bhí “dochurtha i gcló” i stáisiún póilíní le héalú ó dhuine a raibh beartaithe aige a héigniú. Gortaíodh í ar bord bus san [[an Afganastáin|Afganastáin]] nuair a bhuail buta raidhfil í agus briseadh trí easna uirthi, ach ba bheag an mhoill uirthi sin—bhain sí ceol as dreach agus muintir na tíre, mar sin féin. Sa Phacastáin fuair sí lóistín ón ualaí (wali) deireanach na Suáite, Miangul Aurangzeb. Chuaigh sí trí shléibhte cheantar Ghilgit, ansin tríd an [[an Phuinseaib]], agus sa deireadh trasna na teorann soir go [[Deilí]] san India. D’fhoilsigh an comhlacht John Murray a dialann mar ''Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle'', an chéad leabhar foilsithe dá cuid agus an leabhar ba iomráití díobh.
[[Íomhá:Tibetan refugees in Nepal.jpeg|mion|teifigh ón [[an Tibéid|Tibéid]]]]
 
I ndiaidh Deilí a bhaint amach di, d’oibrigh Murphy go deonach le teifigh ón [[an Tibéid|Tibéid]] faoi choimirce an eagraíocht [[Save the Children]]. Chaith sí cúig mhí i gcampa teifeach i nDharamsala a bhí faoi stiúradh Tsiring Dolma, deirfiúr don [[Dalai Láma|15ú Dalai Láma]]. Ina dhiaidh sin, chuaigh sí ar a rothar trí ghleann Kullu. B’as an turas seo a tháinig an dara leabhar aici, ''Tibetan Foothold''. Ar ais san Eoraip do Murphy bhí sí páirteach i bhfeachtas bailithe airgid ar son Save the Children. Sa bhliain 1965, chuaigh sí go dtí Neipeál le hobair a dhéanamh ar mhaitheas teifeach Tibéadach i bPokhara. Scríobh sí faoi seo sa leabhar ''The Waiting Land''.
 
 
Nuair a bhí iníon Murphy, Rachel, ag aois a cúig bliana, thionlaic sí í ar thuras den chéad uair. D’eitil an bheirt go [[Bombay]] san India. Ó Bombay thaistil siad go [[Goa]] agus Coorg--''On a Shoestring to Coorg'' an leabhar a tháinig as an turas úd. In a dhiaidh sin, chuaigh an péire acu go dtí an Baltastáin (''Where the Indus is Young''), go [[Meiriceá Theas]] (''Eight Feet in the Andes''), agus go [[Madagascar]] (''Muddling Through in Madagascar''). Ar an turas deireanach le chéile acu, thaistil siad trí [[Camarún|Chamarún]] san Aifric ar chapall. Tá meas ag lucht na tire úd ar chaiple agus suim acu iontu; "Egbert" a bhaist na Murphys air. Glacadh Dervla mar fhear céile Rachel uaireanta. ''Travels with Egbert'' an leabhar a scríobh Murphy faoin turas.
[[Íomhá:Travel Stop, Madagascar (27343798960).jpg|mion|''Madagascar'']]
 
Sna [[1970idí]] déanacha thosaigh Murphy a scríobh faoina tír agus a saol féin le ''A Place Apart'' (1978), faoina cuid taistil i Tuaisceart na hÉireann nuair a chuaigh sí chun comhrá le Caitlicigh agus Prostatúnaigh araon ansin, agus le ''Wheels Within Wheels'' (1979), leabhar dírbheathaisnéiseach. Sna 1980idí, thosaigh téamaí polaitiúla a theacht chun tosaigh ina cuid scríbhneoireachta. Dar léi féin, bhí a leabhar ''Race to the Finish? The Nuclear Stakes'' (1982) an crosbhealach. Ar a shála sin, phléigh sí caidreamh idirchine i m[[Bradford]] agus i m[[Birmingham]] i Sasana (''Tales From Two Cities''), an [[SEIF]] (''The Ukimwi Road''), iarmhais na [[apairtéid|hapairtéide]] (''South from the Limpopo''), cinedhíothú [[Ruanda]] (''Visiting Rwanda''), díláithriú lucht treibheanna (''One Foot in Laos''), agus atógáil iarchogaidh sna [[Balcáin]] (''Through the Embers of Chaos''). Tá sí i gcoinne próiseas an domhandais, agus faigheann sí locht ar [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]] (NATO), an [[Banc Domhanda]], an [[Ciste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta]], agus [[Eagraíocht na Trádála Domhanda]]. Labhair sí amach in aghaidh na [[cumhacht núicléach|cumhachta núicléiche]] agus [[athrú aeráide|athrú na haeráide]]. Fuair cuid daoine locht ar an “stuif polaitiúil” seo féin, ach deir Murphy mar fhreagra go raibh rudaí áirithe le rá aici agus gur cuma léi mura leabhair thaistil ghlana amach agus amach atá á scríobh aici.
[[Íomhá:Panorama of lake Baikal.jpg|clé|mion|[[Loch Baikal|Baikal]]]]
 
Sa bhliain 2002, agus 71 bliain slánaithe aici, bheartaigh sí ar dhul ar a rothar trí [[Críoch Phrimorsky|Chríoch Phrimorsky]] i gcianoirthear na [[an Rúis|Rúise]], sa t[[an tSibéir|Sibéir]], ach tháinig constaicí sa bhealach uirthi. Bhris sí a glúin ar an phríomhlíne den iarnród Baikal Amur di. D’fhan sí in áit ag [[Loch Baikal]] ag bisiú, ach stróic sí colpa fad is a bhí sí ag fanacht ann. Shocraigh sí ar leanúint ar aghaidh ar traein, ar bád agus i mbus. Is é ''Through Siberia by Accident'' a cuntas ar an turas sin. Chuaigh sí ar ais go dtí an tSibéir ina dhiaidh sin--''Silverland'' an leabhar a tháinig as an dara turas seo. Sa bhliain 2005 thug sí cuairt ar [[Cúba|Chúba]], an uair seo in éineacht lena hiníon agus triúr gariníonacha. I ndiaidh filleadh go Cúba i 2006 agus i 2007 scríobh sí ''The Island that Dared''.
 
== A saol pearsanta agus gníomhaíocht neamhliteartha ==
Níor phós Murphy riamh. Ba í Rachel, a rugadh sa bhliain 1968, an t-aon pháiste a bhí aici. Ba é [[Terence de Vere White]] (b. 1994), iriseoir de chuid an [[Irish Times]], athair Rachel.<ref>{{cite book|url=http://books.google.co.uk/books?id=c-GR_OSU1zAC&pg=PA829|chapter=Murphy, Dervla (1931-)|last=Speake|first=Jennifer|date=2003|title=Literature of Travel and Exploration: An Encyclopedia|publisher=Taylor and Francis|pages=829|isbn=1579584241|accessdate=2008-10-12}}</ref> Dúradh gur rogha crógach é a hiníon a thógáil léi féin in Éirinn sna seascaidí, ach dúirt Murphy go raibh sí slán ó cháineadh siocair ise a bheith ina tríochaidí agus socair ó thaobh airgid agus oibre de. D’oibrigh sí mar léirmheastóir leabhar ar feadh cúig bliana i ndiaidh bhreith Rachel sular d’iompaigh sí ar ais ar an scríbhneoireacht taistil.
 
Dúradh gur rogha crógach é a hiníon a thógáil léi féin in Éirinn sna seascaidí, ach dúirt Murphy go raibh sí slán ó cháineadh siocair ise a bheith ina tríochaidí agus socair ó thaobh airgid agus oibre de. D’oibrigh sí mar léirmheastóir leabhar ar feadh cúig bliana i ndiaidh bhreith Rachel sular d’iompaigh sí ar ais ar an scríbhneoireacht taistil.
 
Faoi láthair, tá Murphy ina cónaí i Lios Mór in éineacht lena cuid cat agus madraí. Tá sí ina patrún ar Sustrans, cumann ar son taistil inbhuanaithe atá suite sa Bhreatain, agus ar Fhéile na Scríbhneoireachta Taistil Immrama i Lios Mór. Bhí Murphy páirteach anuraidh ar an chlár ''Great Lives'' de chuid BBC Radio 4, ag moladh [[Freya Stark]] (scríbhneoir taistil Briotanach) mar shampla de shaol tábhachtach inmholta.
 
== Foilseacháin ==
8,971

edits