An difríocht idir athruithe ar: "Charles Walmesley"
Content deleted Content added
defsort |
|||
Líne 6:
In ‘Westwood House’ in aice le <nowiki>[[Wigan]]</nowiki> in <nowiki>[[Lancashire]]</nowiki> ar 13 Eanáir 1722 a rugadh é. Ba é an seachtú mac é ag John Walmesley agus Mary Greaves. Fuair sé oiliúint i gColáiste Bheinidictigh Shasana in Douay agus ina dhiaidh sin i mainistir Naomh Edmund i bPáras mar ar chuaigh sé isteach san ord. Bhain sé dochtúireacht sa diagacht amach sa Sorbón. D’imigh sé ar camchuairt na hEorpa, chaith tamall ag taisteal san Iodáil, thug cuairt ar Shliabh Etna agus scríobh nótaí eolaíochta faoin mbolcán. Is ar a obair mar réalteolaí atá an bhéim ag an DNB; idir 1745 agus 1761 scríobh sé páipéir, a raibh tábhacht leo ag an am, ar an réalteolaíocht agus ar mhatamaitic. Tugadh ballraíocht i gCumann Ríoga Shasana dó i 1750 agus a leithéid chéanna i mBeirlín. Nuair a bhí an caileandar á leasú agus an ‘stíl nua’ á tabhairt isteach chuaigh rialtas na Breataine i gcomhairle leis.Bhí sé an cúigiú mac ag John Walmesley de Westwood House, [[Wigan]], [[Lancashire]]; cuireadh oideachas ag an béarla [[Beinidictigh|Beinidicteach]] Coláiste Naomh Gregory ag Douai (anois Downside Scoil, in aice le [[Bath, Somerset|Folctha]]); agus rinne sé a ghairm mar manach Beinidicteach ag an béarla Mhainistir Naomh Edmund, Páras (anois [http://www.douaiabbey.org.uk Douai na Mainistreach], in aice le Léitheoireachta), i 1739. Ina dhiaidh sin thóg sé an méid D. D. ag an Sorbonne.
==
Bhí sé ina phrióir ar mhainistir Naomh Edmund i bPáras sna blianta 1749–53. Cuireadh go dtí an Róimh é i 1754 chun a bheith ina phrócadóir ginearálta
I measc na leabhar a scríobh sé tá ''The general history of the Christian Church, from her birth to her final triumphant state in heaven, chiefly deduced from the apocalypse of St. John the Apostle, by Signor Pastorini, 1771''. Is é an cur síos air
Is mar seo a chuireann [[Thomas Wall]] síos ar Phastorini agus a gcuid tairngreachtaí: ‘So fascinated was he by mathematical problems that he was dismayed to find himself one morning at Mass vigorously drawing diagrams with the paten on the corporal. A realisation of this sad distraction cured him of his preoccupation with mathematics, and thereafter he devoted much of his time to the study of the Sacred Scripture, especially of the Apocalypse. His history was an interpretation of the Apocalypse but in Ireland a strange concoction from this work, called The Prophecies of Pastorini, was published and achieved an immediate popularity. It must have been a compilation of one of the almanac makers, skilled in epacts, golden numbers, dominical letters, phases of the moon, etc., and its extraordinary predictions about the year twenty five, when right would overcome might, and the bottomless pit would be locked etc., credited implicitly by simple folk, enraged government officials and embarrassed the Irish bishops who were at pains, especially the great Doctor Doyle, to discredit and denounce it (The Sign of Dr. Hay’s Head, 1958). Agus é ag trácht ar an saghas oideachais a bhí ar fáil ag Raiftearaí deir Ciarán Ó Coiglígh (Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, 1987) go mbíodh leabhar Phastorini á léamh coitianta. Tá seo ag an bhfile in ‘An Cíos Caitliceach’, amhrán ag cáineadh an Hibernian Bible Society: ‘Scríobh Pastorini go dtiocfadh an bealach seo / Lá gach aon mhí go mbeadh cruinniú ins gach baile acu. / I gCluain Meala bhí díbirt ar New Lights is ar Orangemen, / Is i mBaile Loch’ Riach is ea a léadh a mbeatha dóibh.’ Agus tá sé arís aige in ‘Bearnán Risteard’: ‘Tá súil agam le Críosta go bhfillfidh Bearnaí arís chugainn / Mar scríobh Pastoiríní, ní fada uainn an lá, / Go mbeidh Galla suaite suaite sínte gan duine lena gcaoineadh, / Ach tinte cnámh thíos againn ag lasadh suas go hard.’ Gan amhras is ag Máire Bhuí Ní Laoghaire, in ‘Cath Chéim an Fhia’ (1822), atá an tagairt is aitheanta: ‘Is an bhliain seo anois atá againn beidh rás ar gach smíste, /... Gurab é deir gach údar cruinn liom sara gcríochna siad deireadh an fhómhair / Ins a leabhar so Pastorína go ndíolfaid as an bpóit’.
== A adhlacadh ==
|