An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"

Content deleted Content added
Líne 99:
 
Sa bhliain 1847, leath an fiabhras tiofóideach ó Grosse-Île isteach go lár na tíre, agus bhásaigh cuid mhór de mhuintir na háite i [[Montréal|Montreal]] agus i d[[Torontó|Toronto]] féin. Ina dhiaidh sin, rinne na Ceanadaigh a ngearán leis na húdaráis Ghallda faoi chomh mífholláin is a bhí na longa. Mar sin, cuireadh forálacha nua i bhfeidhm le baint den phlódú. Chuaigh an imirce féin i laghad faoi thionchar na bhforálacha nua.
[[Íomhá:Irish Famine Memorial, Washington St, Boston. - panoramio (31).jpg|mion|Cuimhneacháin,255x255px|sráid Washington St, Boston.Bostún]]
 
Cuid mhór acu siúd a tháinig go dtí an tOileán Úr an bealach seo i ndiaidh bhliain an fhiabhrais, níor shocraigh siad síos i gCeanada féin. Go ginearálta, ba leasc leis na hÉireannaigh fanacht i gcoilíneacht de chuid [[Sasana|Shasana]]. Bhí na Stáit Aontaithe saor ó bhráca na nGall, agus na jabanna flúirseach ansin. Ní hionann sin is a rá, ar ndóigh, nach gcuirfeadh na sluaite móra Éireannaigh fúthu i gCeanada chomh maith.
[[Íomhá:Irish Famine Memorial, Washington St, Boston. - panoramio (3).jpg|mion|Cuimhneacháin, Washington St, Boston.]]
B'iad [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] agus [[Bostún, Massachusetts|Boston]] an dá cheann scríbe ba tábhachtaí sna Stáit. Sa bhliain 1847, tháinig 37,000 Éireannach go Boston, arbh ionann iad, san am, agus leath an daonra a bhí ann rompu.