An difríocht idir athruithe ar: "Thomas Prior"

Content deleted Content added
No edit summary
AdamLibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 12:
Ba [[dlíodóir]], [[úinéir talún]] agus údar [[Éireannach]] é '''Thomas Prior''' ([[1682]] – [[21 Deireadh Fómhair]] [[1751]]).
 
Rugadh é i [[Ráth Domhnaigh]], [[Contae Laoise|Contae na Banríona]], [[Éire]]. Chuaigh sé isteach i [[scoil phoiblí]] i g[[Cill Chainnigh]] in mí [[Eanáir]], [[1696]]/[[1697]] agus d'fhan sé ansin go dtí mí [[Aibreán|Aibreáin]], [[1699]]. Bhí [[George Berkeley]] sa scoil chéanna leis. Lean sé lena chuid oideachais ag [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]], fuair sé scoláireacht sa bhliain [[1701]] agus bhain sé céim [[B.A.]] amach sa bhliain [[1703]].<ref name="ws">http://en.wikisource.org/wiki/Prior,_Thomas_%281682%3F-1751%29_%28DNB00%29</ref> Ba iad [[George Berkeley]], [[Jonathan Swift]] agus an [[Philip Stanhope, 4ú Iarla Chesterfield|4ú Iarla Chesterfield]] cuid dá chairde. Bhí sé in a chomhalta bhunaidh den [[Cumann Fisic-Stairiúil|Chumann Fisic-Stairiúil]] agus bhí baint aige le bunú [[Ospidéal an Rotunda]], in éineacht le [[Bartholomew Mosse]].
 
Bhí an tuairim ann go raibh a halt, ''Liosta neamhchónaithigh na hÉireann ... le tuairimí ar ghnó agus cúinsí na ríochta sin'' (''A list of absentees of Ireland ... with observations on the present trade and conditions of that kingdom''), ar fhoilsíodh é sa bhliain [[1729]], treascrach, mar gur cháin sé na [[tiarnaí talún neamhchónaithigh]] agus gur fhoilsigh sé a nainmneacha agus a n-ioncam.<ref name="ws"/>