Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

No change in size ,  11 mí ó shin
→‎Stáisiúin: Fixed typo
 
== Stáisiúin ==
Taistealaíonn traenacha ar ráillíiarnród ó stad go stad agus iompraíonn siad daoine agus earraí. Stadann na traenacha ag stad na dtraenach chun gur féidir le taistealaithe, dul isteach iontu agus tuirlingt astu. Is i mbailte móra agus i gcathracha a bhíonn na stáisiúin cinn aistir. I stáisiún traenach bíonn Seomra na gClócaí, Seomra Feithimh, Leithris, Seomra na mBeart agus Oifig na dTicéad. Bíonn oifigí eolais iontu chomh maith go minic, maraon le taisceadáin le cásanna agus málaí a stóráil, agus bialanna agus siopaí i stáisiúin mhóra. Is minic a bhíonn líon mór ardán i stáisiún mhóra, ach bíonn dhá cheann ar a laghad i ngach stáisiún.
 
Bíonn droichead ó ardán go chéile os cionn na ráillí, nó bíonn slí faoin talamh anonn is anall idir na hardáin, i dtreo nach baol go leagfaí an lucht taistil ag na traenacha. Bíonn ardaitheoirí ar na droichid seo freisin chun ligint do dhaoine i gcathaoireacha rotha trasnú gan deacracht.
Úsáideoir gan ainm