An difríocht idir athruithe ar: "Mailí"

Content deleted Content added
daonra
No edit summary
Líne 41:
|glaochód=223
|fonótaí=}}
IsbhliIs [[tír]] san [[an Afraic|Afraic]] í '''Mailí''', nó '''Poblacht Mhailí'''. Is í [[Bamako]] an [[Príomhchathair|phríomhchathair]]. Is iar-choilíneacht [[An Fhrainc|Fhrancach]] í. Tá Mailí ar an tseachtú tír is mó san Afraic, agus teorainneacha aici leis [[an Ailgéir]], leis [[an Nígir]], le [[Buircíne Fasó]], leis an [[An Cósta Eabhair|gCósta Eabhair]], leis an [[An Ghuine|nGuine]], leis [[an tSeineagáil]] agus leis an [[An Mháratáin|Máratáin]]. Tá Mailí corradh is 1,240,000 ciliméadar cearnach ar achar, agus trí mhilliún déag de dhaoine ina gcónaí ansin.
 
Tá radharcra agus nádúr Mhailí an-éagsúil, nó tá talamh méith i ndeisceart na tíre áit a bhfuil Abhainn na Seineagáile agus Abhainn na Nigire ag tabhairt uisce, ach ón taobh eile de sroicheann críocha thuaidh na tíre go domhain isteach sa [[Sahára]]. Ceann de na tíortha is boichte atá ann, agus is ar iascaireacht agus ar thalmhaíocht is mó a thagann muintir Mhailí i dtír, cé go bhfuil [[ór]], [[úráiniam]] agus salann in ithir na tíre.
 
Fuair Mailí a hainm ó Impireacht Mhailí, a bhí ag rialú an taobh seo den Afraic sna blianta 1230-1600. Bhí impireachtaí eile ann freisin a raibh tionchar acu sa réigiún tráth: Impireacht Ghána agus Impireacht ''Songhay''. Go deireanach san ochtú haois déag, thit Mailí leis na Francaigh, a bhí díreach ag leathadh a n-impireachta coilíní féin in Iarthar na hAfraice. Bhain Mailí amach neamhspleáchas ón bhFrainc sa bhliain 1959, ach san am sin, ba aon stát amháin iad an tSeineagáil agus Mailí.

Scoilt an chónaidhm seo an bhliain a bhídár chugainngcionn. Bhí an tír á rialú ag aon pháirtí amháin ar feadh i bhfad, ach sa bhliain 1991, i ndiaidh réabhlóid mhíleata, cuireadh daonlathas ar bun sa tír. Sna blianta 1992-2002, bhí Alpha Oumar Konaré ag rialú na tíre, ach ansin, d'fhág sé an Uachtaránacht i dtoghcháin dhaonlathacha ag Amadou Toumani Touré, a bhí i gceannas ar na réabhlóidithe sa bhliain 1991.
 
Cé gur tír thar a bheith bocht í Mailí, áirítear ar ceann de na tíortha is cobhsaí san Afraic í inniu.