An difríocht idir athruithe ar: "An Úcráinis"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 13:
|iso3=ukr
}}
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]]
Tá trí phríomhchanúint ann, mar atá, an ceann tuaisceartach, atá níos cosúla leis an m[[Bealarúisis]], an ceann iardheisceartach, agus é tar éis cuid mhór focail iasachta a fháil ón b[[Polainnis]], agus an ceann oirdheisceartach, atá níos cosúla leis an Rúisis ná an bheirt eile acu. Is í canúint an oirthir a bhí mar dhúshraith leis an gcaighdeán oifigiúil
[[Íomhá:Inf board metro.JPG|thumb|280px|left|Fógra sa mheitreo i
Tá an Úcráinis cosúil leis an Rúisis ar a lán dóigheanna, ós rud é go bhfuil dlúthghaol ag an dá theanga le chéile. Athraíonn an bhéim ó shiolla go siolla i bhfoirmeacha díochlaonta nó réimnithe éagsúla an fhocail sa dá theanga, agus bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir an teanga a fhuaimniú go ceart, ós rud é nach bhfuil a fhios aige an siolla ar a gcuirtear an bhéim i bhfoirm áirithe nó i bhfocal áirithe. Sa Rúisis, áfach, is gnách an guta faoi bhéim a fhuaimniú go fada agus na gutaí nach bhfuil faoi bhéim a lagú - go tipiciúil, déantar [a] den litir "o" i bhfuaimniú na Rúisise, ach san Úcráinis, bíonn na gutaí go léir soiléir leathfhada, cuma cé acu atá siad faoi bhéim nó nach bhfuil. Mar sin, tá blas na hÚcráinise níos cosúla leis an bPolainnis.
Líne 24:
Ní fheictear an litir Rúiseach ы san Úcráinis ar aon nós, nó d'imigh an difríocht idir и agus ы san Úcráinis. Mar sin, ní úsáidtear ach an litir и. Fuaimnítear cosúil le y na Polainnise í, agus ní chaolaíonn sí an consan roimpi. Ón taobh eile de, tá [i] nua forbartha san Úcráinis a chaolaíonn an consan roimhe, agus is mar і a litrítear é. Tá baint ag an і nua seo le о agus е na Rúisise, agus go tipiciúil, nuair a chuirtear iarmhíreanna díochlaonta leis an bhfocal, tagann о nó е in ionad an і.
I rith na mblianta d'imir an Pholainnis an-tionchar ar fhorbairt na hÚcráinise. Mar sin, tá stór focal na hÚcráinise breac le hiasachtaí Polainnise nó le focail a leanann múnlaí Polainnise: ''perebudova'' an focal Úcráinise ar "atógáil", cf. ''perestroika'' na Rúisise agus ''przebudowa'' na Polainnise. ''God'' an focal Rúisise ar "bliain", ach ''rok'' a deir an Polannach, agus is é ''rik'' an leagan Úcráinise
== Úsáid an Úcráinis ==
Thá úsáid an Úcráinis ag éirigh níos coitianta tar éis am fada ag meath. Cé go bhfuil thimpeall 50.000.000 duine ina gcónaí thimpeall na domhainn, 38.000.000 san Úcráin (77,8% don tír), nín sí le feiceáil go coitianta san oirthear ná deisceart Úcráine, áit a bhfuil an Rúisis i bhfeidhm. Sa phríomhchathair Cidheibh labhraítear an Úcráinis chón maith leis an Rúisis. Bhíodh Rúisis mar phríomhtheanga sa chathair go stairiúil nach tháinig dream ón iarthar Úcráine go dtí Cidheibh agus thá roinnt mhaith do-sna daoine i gCidheibh ag labhairt an Úcráinis sa mbaile anois. Thá fógraí san Úcráinis acu sa chathair. Dé réir móráireamh 2001, úsáideann 87,8% do-sna Úcráinigh an Úcráinis mar teanga chumarsáide.
Is dócha go mbeidh an Úcráinis níos láidre sa bhfáistineach in iarthar agus tuaisceart an Úcráin, agus daoine ag buaileadh isteach sna caithreacha ón tuath.
== Aibítir ==
|