An difríocht idir athruithe ar: "Fisiteiripe"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Próiseas athshlánaithe fhisiciúil chun cabhrú le feidhmeanna normálta na colainne a thabhairt ar ais do dhuine tar éis gortaithe, mainliachta nó galair. Tagann c...'
 
No edit summary
Líne 1:
[[File:Physical Therapists at work.jpg|thumb|right|282px|<center> {{PAGENAME}} </center>]]
 
Próiseas athshlánaithe fhisiciúil chun cabhrú le feidhmeanna normálta na colainne a thabhairt ar ais do dhuine tar éis gortaithe, mainliachta nó galair. Tagann cóireálacha éagsúla san áireamh, ina measc aclaíocht ghníomhach nó fhulangach, suathaireacht, agus teas a chur i bhfeidhm trí [[Diaiteirme|dhiaiteirme]]. I ndiaidh gortaithe cosúil le briseadh [[Cnámh|cnáimhe]], nuair nach féidir matáin a úsáid, cnaíonn is meathann matáin go tapa agus éiríonn na [[Alt (anatamaíocht)|hailt]] a bhaineann leo docht. Is gá aclaíochtaí grádaithe a dhéanamh thar thréimhse fhada chun feidhmiú iomlán ceart a fháil ar ais. Más gá do dhuine gortaithe an leaba a choinneáil, bíonn claonadh ann [[ionfhabhtú]] cliabhraigh a tholgadh, agus sa chás sin is gá dó cleachtadh ionálaithe a dhéanamh, nó a dhroim a ghreadadh le doirne taobh thiar den [[Cliabhrach|chliabhrach]] chun cabhrú le tál coinnithe a chaitheamh amach. Is fiú aclaíochtaí a dhéanamh ar ghéaga a mbíonn [[pairilis]] orthu tar éis gortaithe no stróic freisin.