An difríocht idir athruithe ar: "Loscadh Mór Londan (1666)"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Ag baint GrotebrandLonden.jpg amach, agus ag chur Great_Fire_London.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón Cómhaoin mar: [[:c:COM:Duplicate
Líne 1:
[[Íomhá:GrotebrandLondenGreat Fire London.jpg|thumb|450px|''Dóiteán Mór Londan'' - Pictiúr ón 17ú haois]]
Réab '''Dóiteán Mór Londan''' trí lár chathair [[Londain|Londan]], i [[Sasana]], ón Domhnach an dara lá de Mheán Fómhair go dtí an Chéadaoin an [[5 Meán Fómhair|cúigiú lá de Mheán Fómhair]] [[1666]]. Scrios an dóiteán Cathair mheánaoiseach Londan taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach [[Westminster]] (West End an lae inniu), Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach.<ref name="porter">{{cite book| author=Porter, Roy | year=1994 | title=London: A Social History | publisher=Cambridge Harvard}}</ref> Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, [[Ardeaglais Naomh Pól]], agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ceaptar gur scriosadh tithe 70,000 den daonra de thart ar 80,000 a bhí sa Chathair ag an am.<ref>{{cite book |author=Tinniswood, Adrian |year=2003 | title=By Permission of Heaven: The Story of the Great Fire of London| publisher=London: Jonathan Cape}}</ref> Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin. Le tamall anuas áfach, táthar ag cur in aghaidh na tuairime sin mar go gceaptar anois nach ndearnadh taifead in áit ar bith ar an líon daoine bochta ná meánaicmeacha a bhásaigh. Chomh maith leis sin ceaptar go bhféadfadh sé gur chreim teas an dóiteáin go leor daoine agus nár fágadh aon lorg ina ndiaidh.