An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 3:
 
Maidir leis an téarmaíocht sa Ghaeilge, is é an leagan a mholann foclóir [[Niall Ó Dónaill|Uí Dhónaill]] ná ''Aontachtaí'', agus d'fhéadfá ''Aontachtaíocht'' nó ''Aontachtachas'' a úsáid le ''Unionism'' a aistriú. Dealraíonn sé, áfach, gurb é ''Aontachtóir'' an leagan is coitianta i bhfíor-úsáid na teanga, agus mar sin, is iad ''Aontachtóir'' agus ''Aontachtóireacht'' na leaganacha a bheidh le léamh san alt seo.
[[Íomhá:Unionist mural, Shankill - panoramio.jpg|mion|múrphictiúr, [[Bóthar na Seanchille]]]]
In Éirinn sa lá atá inniu ann, is é an chéad rud a ritheann leis na daoine agus iad ag cloisteáil an fhocail sin "Aontachtóir" ná Protastúnaigh [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]]. Cé nach bhfuil gach [[Caitliceachas|Caitliceach]] ó thuaidh ina Náisiúnaí ná gach [[Protastúnachas|Protastúnach]] ina Aontachtóir, is féidir seasamh polaitiúil an chuid is mó de mhuintir an Tuaiscirt a thuar de réir an dreama eitnireiligiúnda. Nuair a bunaíodh an stáitín Tuaisceartach i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann sa bhliain [[1920]], b'iad na hAontachtóirí a chuaigh i gceann air, nó fuair siad tromlach láidir i bparlaimint nua an stáit, an Stormont. Chuaigh siad i dtuilleamaí chlaonroinnt na dtoghlach agus bhain siad úsáid as cleasanna cosúla a raibh blas an fhrithdhaonlathais agus na héagóra orthu, dar leis na Caitlicigh, a fuair iad féin curtha ar imeall na sochaí agus i bhfad ón gcumhacht.
 
In Éirinn sa lá atá inniu ann, is é an chéad rud a ritheann leis na daoine agus iad ag cloisteáil an fhocail sin "Aontachtóir" ná Protastúnaigh [[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]]. Cé nach bhfuil gach [[Caitliceachas|Caitliceach]] ó thuaidh ina Náisiúnaí ná gach [[Protastúnachas|Protastúnach]] ina Aontachtóir, is féidir seasamh polaitiúil an chuid is mó de mhuintir an Tuaiscirt a thuar de réir an dreama eitnireiligiúnda. Nuair a bunaíodh an stáitín Tuaisceartach i ndiaidh chríochdheighilt na hÉireann sa bhliain [[1920]], b'iad na hAontachtóirí a chuaigh i gceann air, nó fuair siad tromlach láidir i bparlaimint nua an stáit, [[an Stormont]]. Chuaigh siad i dtuilleamaí chlaonroinnt na dtoghlach agus bhain siad úsáid as cleasanna cosúla a raibh blas an fhrithdhaonlathais agus na héagóra orthu, dar leis na Caitlicigh, a fuair iad féin curtha ar imeall na sochaí agus i bhfad ón gcumhacht. B'e an míniú a thug na hAontachtóirí ar na cleasanna seo ná go raibh an stát féin cruthaithe le hiad siúd a shásamh a bhí fonnmhar an Aontacht a choinneáil, is é sin, na Protastúnaigh thar aon dream eile - stát agus parlaimint Phrotastúnach a bhí ann don mhuintir Phrotastúnach, mar a mhaígh na hAontachtóirí. Ó theastaigh ó na Caitlicigh an Tuaisceart a aontú leis an gcuid eile d'oileán na hÉireann, a réasúnaigh na hAontachtóirí, ní raibh cumhacht ar bith ag dul dóibh ó cheart sa stáitín a bhí siad ag iarraidh a chur de dhroim an tsaoil.
 
== An Dúchas Briotanach ==
Line 16 ⟶ 18:
 
Sa naoú haois déag agus i dtús na fichiú haoise, bhí lucht leanúna na hAontachtóireachta flúirseach ar fud oileán na hÉireann. Chomh déanach leis an mbliain 1859, b'é Páirtí Coiméadach Aontachtach na hÉireann (''Unionist Irish Conservative Party'') an páirtí polaitiúil ba mhó san oileán, agus é ag gnóthú ní ba mhó suíocháin sa Pharlaimint ná Páirtí Liobrálach na hÉireann nó aon cheann de na Páirtithe Náisiúnaíocha éagsúla. Nuair a tháinig na fichidí san fhichiú haois, áfach, ní raibh an Aontachtóireacht ag dul ach leis na contaetha in Ultaibh ar chuir an mhuintir isteach fúthu iontu le linn [[Plandáil Uladh|Phlandáil Uladh]]. Sa bhliain 1920, rith Parlaimint na Ríochta Aontaithe [[an tAcht um Rialtas na hÉireann]] a rinne dhá cheantar saindlínse den oileán. Fágadh ceann acu seo, mar atá, Tuaisceart Éireann, faoi svae [[Páirtí Aontachtach Uladh|Pháirtí Aontachtach Uladh]]. Sa chuid eile den oileán, mar atá, [[Saorstát Éireann]], chuaigh an Aontachtóireacht i laghad, nó is iomaí iar-Aontachtóir a chuaigh le ceann de na páirtithe measartha Náisiúnaíocha, ar nós [[Cumann na nGaedheal|Chumann na nGaedheal]]. Inniu, ní fhanann ach dornán beag Aontachtóirí i bPoblacht na hÉireann, agus an chuid is mó de na daoine ag dearcadh ar an Aontachtóireacht mar fheiniméan nach bhfuil le fáil ach amháin sa Tuaisceart.
[[Íomhá:'Ulster Covenant' mural, Thorndyke Street, Belfast - geograph.org.uk - 877908.jpg|mion|[[Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh]], sráid Thorndyke, Béal Feirste]]
 
== An Creideamh ==
 
Inniu, is é an meas a bhíonn ag na daoine ar an Aontachtóireacht gur leis na Protastúnaigh is mó a bhaineann sí, agus an Náisiúnachas ag dul leis an gCaitliceachas. Níl an scéal chomh simplí sin, áfach. Bhí ceannairí Protastúnacha ag na Náisiúnaithe Éireannacha go háirithe sa naoú haois déag, cosúil le [[Henry Grattan]], [[Theobald Wolfe Tone]] agus [[Charles Stewart Parnell]]. Cé gurbh iomaí Caitliceach a chaith vóta ar son na nAontachtóirí sna toghcháin, b'iad na Protastúnaigh a bhí i gceannas ar na páirtithe polaitiúla Aontachtaíocha.

Mar sin, thosaigh na Náisiúnaithe ag milleánú na nAontachtóirí faoi sheicteachas, go háirithe sna blianta 1921-1972, nuair a bhí na hAontachtóirí áitiúla ag stiúradh Thuaisceart Éireann - thar an tréimhse seo ar fad, ní raibh ach aon Chaitliceach amháin ina Aire Rialtais sa Tuaisceart. D'fhruiligh an Príomh-Aire [[Brian Faulkner]], polaiteoir de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh, an Caitliceach áirithe seo - an Dochtúir G. B. News - d'aonturas le feabhas a chur ar an gcaidreamh trasphobail.
[[Íomhá:"To Protest Against the Lawless Policy of Carsonism".jpg|mion]]
An caibinéad a raibh an Dochtúir News ina bhall de, b'é an rialtas deireanach é sular chuir Londain féinrialtas an Tuaiscirt ar fionraí. Is é an tátal a bhain [[David Trimble]], ceannaire na nAontachtóirí Ultacha, as an scéal gur "fuar an fháilte a fuair na Caitlicigh rompu i dteach an Tuaiscirt" (''a cold house for Catholics''), nuair a bhí sé tar éis [[Duais Nobel na Síochána]] a ghnóthú as ucht na n-iarrachtaí a rinne sé leis an tsíocháin a chur ar bun.
 
== Aontachtóirí nó Dílseoirí? ==
Line 26 ⟶ 33:
 
Ar an taobh eile den chlaí, is gnách ''Poblachtánaigh'' a thabhairt ar an gcuid sin de na Náisiúnaithe a bhíodh sásta, sna laethanta a bhí, dul i muinín na láimhe láidre le hathaontú na hÉireann a bhaint amach, nó a bhfuil luiteamas acu leis an ngleic armtha i gcónaí.
[[Íomhá:Ulster Day, Belfast (13714162703).jpg|mion|"Ulster Day" 1912 i mBéal Feirste... ag dul chun "[[Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh]]" a shiniú]]
 
Nuair a chuaigh na Poblachtánaigh i dtuilleamaí an fhoréigin, b'é stáitín an Tuaiscirt agus a chuid fórsaí slándála a bhí thíos leis, an chuid ba mhó den am, cé go ndearnadh ionsaithe ar an stát Deisceartach (an Saorstát, nó an [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]]) chomh maith, ó am go ham, nó bhí go leor Poblachtánaigh den tuairim nach raibh an stát Deisceartach puinn ní ba dlisteanaí ná an stáitín Tuaisceartach. Bhí an naimhdeas seo bunaithe ar an scoilt a tháinig ar na Náisiúnaithe Éireannacha le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha na hÉireann]]. An téarma úd ''Náisiúnaí'', arís, tagraíonn sé dóibh siúd nár chrom riamh ar an ngleic armtha leis an g[[Críochdheighilt na hÉireann|Críochdheighilt]] a chur ar ceal. Sa chiall seo, is Náisiúnaithe iad siúd a thacaigh le polasaithe bunreachtúla na bpáirtithe measartha Caitliceacha, cosúil leis an [[SDLP]].
 
Line 38 ⟶ 45:
 
Uaisle ba mhó a bhí ina nAontachtóirí taobh amuigh de Chúige Uladh - is é sin, na scothaicmí a bhí ag rialú na tíre agus a raibh tailte móra acu. In oirthuaisceart na tíre, áfach, bhí an lucht oibre féin ag tacú leis an Aontacht. Is gnách cúiseanna eacnamaíochta a lua leis an aimhrialtacht seo, nó murab ionann agus an chuid eile den tír, chuaigh an tOirthuaisceart tríd an [[Réabhlóid Thionsclaíoch]], rud a d'fhág ní ba chosúla le Sasana ná le hÉirinn é ó thaobh an gheilleagair de.
[[Íomhá:Ulster Covenant Commemoration Parade, Belfast, September 2012 (010).JPG|clé|mion|Covenant Commemoration Parade, M.F. 2012]]
 
Cuireadh ceithre bhille éagsúla faoi bhráid na parlaiminte i Westminster leis an Rialtas Dúchais a bhaint amach d'Éirinn. Níor tháinig an Bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886 trí Theach na dTeachtaí riamh, ach rinne sé ciolar chiot de rialtas an Pháirtí Liobrálaigh, nuair a thréig na Fuigithe agus na Radacaigh an Páirtí Liobrálach leis an bPáirtí Liobrálach Aontachtaíoch a chur ar bun. Sa deireadh, chuaigh an páirtí seo agus an sean-Pháirtí Coimeádach le chéile, agus fáisceadh an Páirtí Coimeádach Aontachtaíoch astu - sin é an t-ainm atá ar pháirtí coimeádach na Ríochta Aontaithe inniu féin, go hoifigiúil.
 
Ritheadh an Bille nua um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1893. An turas seo, tháinig sé trí Theach na dTeachtaí, ach ansin, chuir na Tiarnaí cosc leis, nó bhí an Páirtí Coimeádach i bhfad ní ba láidre i measc na dTiarnaí ná i measc na bhFeisirí. Sa bhliain 1914, áfach, chuaigh an tAcht um Rialtas Dúchais na hÉireann ar leabhar na ndlíthe, ó bhí cumhacht lánchoisc na dTiarnaí maolaithe go mór le hAcht na Parlaiminte sa bhliain 1911. Cé go raibh an Rialtas Dúchais ar an leabhar, níor cuireadh i bhfeidhm é riamh, nó níor cheadaigh an [[Céad Chogadh Domhanda|Chéad Chogadh Domhanda]] é. Sa deireadh thiar thall, reachtaíodh Acht nua um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920. B'é an tAcht seo ba chúis le [[críochdheighilt na hÉireann]], nó d'fhoráil sé go mbeadh dhá stát fhéinrialaitheacha ann in áit aon cheann amháin, mar atá, Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann, na hAontachtóirí ina dtromlach thuaidh, agus na Náisiúnaithe theas. Bhí an chríochdheighilt seo leagtha amach i mBille na bliana [[1914]] féin, mar fhuascailt "shealadach", ach ní raibh sé curtha i bhfoclaibh, cé chomh fada is a mhairfeadh an stádas "sealadach" seo. Mar a thiontaigh an scéal amach, níor tháinig ach Tuaisceart Éireann ar an bhfód, ó bhunaigh na hÉireannaigh a Saorstát féin san áit a raibh an stát Deisceart ceaptha a bheith suite.
[[Íomhá:Sir Edward Carson, bw photo portrait seated.jpg|deas|150px|thumb|Sior Edward Carson]]
[[Íomhá:Ulster Covenant Commemoration Parade, Belfast, September 2012 (021).JPG|clé|mion|Covenant Commemoration Parade, M.F. 2012]]
 
 
Line 68 ⟶ 76:
[[Íomhá:Loyalist mural south Belfast 1981.jpg|deas|220px|thumb|Múrmhaisiú i mBéal Feirste]]
:''Príomhalt: [[Na Trioblóidí]]''
Sna [[1960idí]], chrom [[Terence O'Neill]], Príomh-Aire nua an Tuaiscirt, ar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le sochaí a chur ar bun a thabharfadh [[Cearta daonna|cearta]] do na Caitlicigh féin. Ní raibh na hAontachtóirí go léir sásta leis na polasaithe seo, áfach, agus chuaigh siad chun cogaidh ar O'Neill faoi cheannas [[Ian Paisley]], seanmóirí [[Bunúsaíocht|bunúsaíoch]] a chuaigh le [[polaitíocht]]. Bhí an dá phobal ag dul in adharca a chéile, agus an caidreamh trasphobail ag dul chun donais. Chuaigh na [[Náisiúnachas|Náisiúnaithe]] amach sna [[sráid]]<nowiki/>eanna le [[Cearta daonna|cothrom na Féinne]] a éileamh faoi [[Bratach na hÉireann|bhratach]] Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta.
 
Dá thoradh sin, bhí scliúchais bhrúidiúla i n[[Doire]] agus i m[[Béal Feirste]] sa bhliain 1969. Nuair a thit an tóin as an [[dlí]] agus as an t[[síocháin]] i dTuaisceart Éireann, cuireadh [[Saighdiúir|trúpaí]] Briotanacha ar garastún i dTuaisceart Éireann le síocháin a chur ar bun arís. Ní raibh na trúpaí ábalta neodracht a choinneáil idir an dá thine Bhealtaine, agus tarraingíodh rialtas Londan go domhain isteach in abar an Tuaiscirt nuair a thosaigh an t[[IRA]] ag cur catha ar na saighdiúirí. Sa deireadh thiar thall, mharaigh na paratrúipéirí Briotanacha triúr Caitliceach déag ar [[Domhnach na Fola|Dhomhnach na Fola]] i n[[Doire]] ar an tríochadú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1972. Dhá mhí ina dhiaidh sin, cuireadh rialtas na nAontachtóirí ar an [[Stormont]] ar ceal, agus chuaigh rialtas Londan go díreach i gceannas ar an stáitín.
Line 89 ⟶ 97:
 
Sa Deisceart, ba leis na meánaicmí agus na huasaicmí ba mhó a shamhlaítí an Aontachtóireacht go traidisiúnta, agus b'í [[Eaglais na hÉireann]] eaglais na nAontachtóirí. Sa Tuaisceart, áfach, is é an lucht oibre [[Preispitéarachas|Preispitéarach]] crann taca na hAontachtóireachta.
[[Íomhá:Troubled Images Exhibition, Belfast, August 2010 (03).JPG|mion|UUP 1974]]
 
Tá go leor páirtithe polaitiúla ag na hAontachtóirí sa Tuaisceart. Faoi láthair, is iad na hAontachtóirí Daonlathacha an ceann is mó tacaíochta. Is é an tUrramach Ian Paisley cathaoirleach an pháirtí. Ar feadh i bhfad, b'é Páirtí Aontachtach Uladh an príomhpháirtí Aontachtach, agus David Trimble ina chathaoirleach air go dtí an bhliain 2005. I ndiaidh Trimble, b'é Sior [[Reg Empey]] a chuaigh i gceannas an pháirtí. Tá an dá pháirtí seo ag gníomhú ar fud an stáitín. Thairis sin, tá lucht a leanúna féin ag an b[[Páirtí Forásach Aontachtach]] i dtimpeallacht Bhéal Feirste. Cé go ndearctar ar na hAontachtóirí Forásacha mar eagras polaitiúil na sceimhlitheoirí Protastúnacha ó [[UVF|Fhórsa Óglaigh Uladh]], bhí clú na measarthachta agus na ciallmhaireachta ar an bpolaiteoir ba tábhachtaí de chuid an pháirtí, [[David Ervine]], a cailleadh in Eanáir 2007.
 
Line 96 ⟶ 104:
I ndiaidh na bliana 1890, agus go háirithe i rith na mblianta ó thús an Chead Chogadh Domhanda go dtí na 1920idí, chuaigh líon na nAontachtóirí i nDeisceart na hÉireann an oiread sin i laghad agus gur imigh an Aontachtóireacht as radharc ar fad sa saol poiblí. Is féidir míniúcháin dhifriúla a thabhairt ar an bhforbairt seo:
 
'''1) An Chéad Chogadh Domhanda féin.'''

Níor cuireadh an [[coinscríobh]] i bhfeidhm ar Éirinn ach i ndeireadh an chogaidh. Mar sin, iad siúd a chuaigh chun cogaidh agus a fuair bás i machaire an áir, b'Aontachtóirí iad a bhformhór, agus an dóigh a raibh na Náisiúnaithe ag cur in aghaidh na "preasála", mar a thug siad ar an gcoinscríobh.
 
'''2) Sceimhlitheoireacht ghlan.'''
 
2) Sceimhlitheoireacht ghlan. Is é seo an míniú is fearr leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu, ní nach ionadh. Deirtear go ndearna Óglaigh áirithe de chuid an IRA géarleanúint agus cineghlanadh ar na Protastúnaigh in áiteanna le linn [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]] agus go gairid ina dhiaidh, thar aon áit eile i gCorcaigh, ó bhí pobal mór de lucht oibre Phrotastúnach ina gcónaí ansin. Cuid mhór de na Protastúnaigh i gCorcaigh, ba deargdhílseoirí dobhogtha iad, agus na Poblachtánaigh áitiúla chomh fanaiceach céanna. Cé gur pobal dlúth ab ea Protastúnaigh Chorcaí, ní raibh na Dílseoirí ansin ábalta an fód a sheasamh ar a son ar feadh i bhfad. Go leor acu, ní bhfuair siad de rogha ach dul ar imirce.
 
'''3) Imirce.'''
 
3) Imirce. Níorbh iad Dílseoirí Chorcaí an t-aon dream de na Protastúnaigh a chuaigh idir dhá dtír. Sna blianta roimh Chogadh na Saoirse agus ina dhiaidh, is iomaí Protastúnach a thug aghaidh ar thíortha cosúil le Tuaisceart Éireann, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus Ceanada.
[[Íomhá:Douglas Hyde - Project Gutenberg eText 19028.jpg|deas|150px|thumb|Dubhghlas de hÍde, Protastúnach agus céad Uachtarán na hÉireann]]'''4) Comhshamhlú.'''
 
4) Comhshamhlú. Na Protastúnaigh agus na hAontachtóirí a d'fhan sa Saorstát (agus ina dhiaidh sin, sa Phoblacht), chlóigh siad le sochaí agus le cultúr na hÉireann agus ghabh siad leor, a bheag nó a mhór, leis an gcineál saol a bhí acu in Éirinn neamhspleách. Ghlac siad leis, go prionsabálta, go raibh cúis na nAontachtóirí caillte i nDeisceart na hÉireann. Le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha na hÉireann]], léirigh an chuid ba mhó de na hAontachtóirí tacaíocht do rialtas an tSaorstáit, ó ba dóigh leo gurbh é rogha an dá dhíogha é.
2) Sceimhlitheoireacht ghlan. Is é seo an míniú is fearr leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu, ní nach ionadh. Deirtear go ndearna Óglaigh áirithe de chuid an IRA géarleanúint agus cineghlanadh ar na Protastúnaigh in áiteanna le linn [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]] agus go gairid ina dhiaidh, thar aon áit eile i gCorcaigh, ó bhí pobal mór de lucht oibre Phrotastúnach ina gcónaí ansin. Cuid mhór de na Protastúnaigh i gCorcaigh, ba deargdhílseoirí dobhogtha iad, agus na Poblachtánaigh áitiúla chomh fanaiceach céanna. Cé gur pobal dlúth ab ea Protastúnaigh Chorcaí, ní raibh na Dílseoirí ansin ábalta an fód a sheasamh ar a son ar feadh i bhfad. Go leor acu, ní bhfuair siad de rogha ach dul ar imirce.
 
'''5) Cleamhnais mheasctha.'''
3) Imirce. Níorbh iad Dílseoirí Chorcaí an t-aon dream de na Protastúnaigh a chuaigh idir dhá dtír. Sna blianta roimh Chogadh na Saoirse agus ina dhiaidh, is iomaí Protastúnach a thug aghaidh ar thíortha cosúil le Tuaisceart Éireann, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus Ceanada.
[[Íomhá:Douglas Hyde - Project Gutenberg eText 19028.jpg|deas|150px|thumb|Dubhghlas de hÍde, Protastúnach agus céad Uachtarán na hÉireann]]
4) Comhshamhlú. Na Protastúnaigh agus na hAontachtóirí a d'fhan sa Saorstát (agus ina dhiaidh sin, sa Phoblacht), chlóigh siad le sochaí agus le cultúr na hÉireann agus ghabh siad leor, a bheag nó a mhór, leis an gcineál saol a bhí acu in Éirinn neamhspleách. Ghlac siad leis, go prionsabálta, go raibh cúis na nAontachtóirí caillte i nDeisceart na hÉireann. Le linn [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha na hÉireann]], léirigh an chuid ba mhó de na hAontachtóirí tacaíocht do rialtas an tSaorstáit, ó ba dóigh leo gurbh é rogha an dá dhíogha é.
 
5) Cleamhnais mheasctha. De réir mar a bhí líon na bProtastúnach ag dul i laghad, bhí líon na nAontachtóirí ag titim fosta. Bhí na Protastúnaigh sásta Caitlicigh a phósadh, agus de réir ordú de chuid na hEaglaise Caitlicí, an t-ordú úd ''Ne Temere'', chaithfí sliocht na lánúine measctha a thógáil leis an gcreideamhg[[creideamh]] Caitliceach. Ansin, ní raibh moill ar na páistí luachanna agus nósanna na sochaí máguaird a ghlacadh chucu.
 
Cuid de na hAontachtóirí fásta féin, ní raibh drogall orthu a síocháin a shocrú le rialtas nua an tSaorstáit faoi cheannas [[Liam Tomás Mac Cosgair|Liam Mhic Chosgair]] agus [[Cumann na nGaedheal|Chumann na nGaedheal]]. Ar an 19 Eanáir 1922, tháinig Aontachtóirí ceannasacha na hÉireann le chéile, agus chinn siad ar thacaíocht iomlán a thabhairt do rialtas an tSaorstáit. Is iomaí duine acu siúd a ceapadh ina Sheanadóir ina dhiaidh sin.
Line 112 ⟶ 129:
Agus an méid sin ráite, síltear go coitianta nach bhfuil na Protastúnaigh faoi leatrom i bPoblacht na hÉireann inniu ar aon dóigh chórasach. Bhí beirt Phrotastúnach, [[Dubhghlas de hÍde]] agus [[Erskine Hamilton Childers]], ina n[[Uachtarán na hÉireann|Uachtaráin]] ar Éirinn, nó ba bhaill d'Eaglais na hÉireann iad. Tá [[Máire Mhic Róibín]], a bhí ar an seachtú hUachtarán ar Éirinn, pósta ar fhear Protastúnach, Nioclás Mac Róibín, ach tógadh a gclann leis an gCaitliceachas.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:Aontachas| ]]