Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
Meabhar (plé | dréachtaí)
Líne 93:
:Tá caighdeán scríofa ag Gaeilge, agus tá an caighdeán níos deireanaí ná an Duinníneach. Dar le ''Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil'' (lch. 129), dar le foclóir Uí Dhónaill, dar le foclóir de Bhaldraithe, dar leis an bh''Foclóir Póca'', dar leis an ''Réchúrsa Gramadaí'' agus dar leis na Bráithre Críostaí is é ''Albain'' ceartainm na tíre san ainmneach, sa chuspóireach, agus sa tabharthach. Mura mhaith leat é, cuir litir agóda chuig Foras na Gaeilge. --[[Úsáideoir:Angr|Angr]]/[[User_talk:Angr|<sub>(comhrá)</sub>]] 12:38, 29 Bea 2005 (UTC)
 
::Tá an scéal pléite agam cheana, go réidh agus go mion, agus sílim gur ghá daoibhse beirt staidéar ceart a dhéanamh ar an scéal. Níor athraigh ainm na tíre sin go tobann idir 1941 agus na 1950í, cé go dtuigfeá sin ó bheith ag tabhairtbrath ar na foinsí a luann sibh. Ach tá stair ag an dteanga, agus níor athraigh an ainm imeasc fíor -Ghaeilgeoirí, cés' moite dóibh siúd a chuireann an iomarca iontaoibh i bhfoclóirí. Dála an scéil, an dtugannthugann sibhse aon mhíniúchán cheart ar an lch, ar mise a scríobh 90% nó os a chionn de, a ath-thiontú go rialta go ''Albain''. Tá an teanga fós beo in Éirinn (ainmneach ''Éire'' - cuirim anseo é ar eagla go maródh foclóir an fhoirm seo!), achfiú más ar éigin é , agus tá cuid againn a aithníonn dearmad, agus ar fiú linn é a chur i gcéill phobail na teangan. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 16:52, 8 Mei 2005 (UTC)
 
== Riarthóirí ==