An difríocht idir athruithe ar: "Blondel de Nesle"
Felo de Me (plé | dréachtaí) Leathanach cruthaithe le 'File, trouvère agus uasal de thuaisceart na Fraince a mhair idir 1175 agus 1210 ab ea '''Blondel de Nesle'''. Do chum Blondel de Nesle ceithre amhrán chúirtéiseacha...' |
(No difference)
|
Leagan ó 11:22, 15 Eanáir 2019
File, trouvère agus uasal de thuaisceart na Fraince a mhair idir 1175 agus 1210 ab ea Blondel de Nesle. Do chum Blondel de Nesle ceithre amhrán chúirtéiseacha is ceithre fichid.
D'fhás cairdeas idir Blondel de Nesle agus Risteard I Shasana, ar a dtugtar Risteard Leonchroí, agus d'éirigh sé ina chara rúin ag Risteard I; nuair a bhí Risteard Leonchroí ar fiannas, do bhí Blondel de Nesle ina theannta.
Dúradh gur phatrún dílseachta ab ea Blondel de Nesle : Nuair a dhein Leopold V, Diúc na hOstaire, príosúnach de Risteard I, mar shampla, is cosúil gur chuaigh Blondel ar aistear fada agus é ag cíoradh na tíre ar lorg a chara. Dar leis na scéalta a deirtí faoi, tar éis dó an áit ina raibh Risteard a aimsiú, do chan Blondel de Nesle ceann desna hamhráin a chum seisean agus an rí le chéile agus is mar san a chuir sé é féin in aithne do Risteard.