An difríocht idir athruithe ar: "Leabhar Cheanannais"
Content deleted Content added
YukaSylvie (plé | dréachtaí) No edit summary |
use nonbreaking hyphens or en dashes as appropriate |
||
Líne 16:
Tá Leabhar Cheanannais ar cheann de na samplaí is fearr agus is cáiliúla de ghrúpa lámhscríbhinní ar an stíl Oileánach, mar a thugtar orthu, a rinneadh ó dheireadh an tséú haois go tús an naoú haois i [[mainistir|mainistreacha]] na h[[Éireann]], na h[[Alban]] agus [[Shasana]], agus i mainistreacha na mór-roinne de bhunús Éireannach nó Sasanach.<ref name="Henry74">Henry 1974, 150.</ref> Áirítear ar na lámhscríbhinní sin [[Cathach Cholm Cille]], Ambrosiana Orosius, Soiscéal briste i leabharlann ardeaglaise Durham (iad uile ó thús an tseachtú haois), agus Leabhar Dharú (ón dara leath den seachtú haois). Tagann Soiscéil Durham, Soiscéil Echternach, Soiscéil Lindisfarne (féach léaráid ar dheis), agus Soiscéil Lichfield ó thús an ochtú haois. Is ó dheireadh an ochtú haois a thagann Leabhar Soiscéil Naomh Gall agus Soiscéil Macregal. Is ó thús an naoú haois a thagann Leabhar Ard Mhacha (ón mbliain 807-809), Mír Leabhar Soiscéil Turin, Priscian Leiden, Priscian Naomh Gall agus Soiscéal Macdurnan. Cuireann scoláirí na lámhscríbhinní sin le chéile bunaithe ar chosúlachtaí stíle ealaíonta, scripte agus traidisiún téacsúil. Ciallaíonn stíl lánfhorbartha an mhaisithe go dtagann Leabhar Cheanannais déanach sa tsraith, ó dheireadh an ochtú haois nó ó thús an naoú haois. Tá cuid mhaith de na traidisiúin íocónagrafaíochta agus stíleacha atá sna luath-lámhscríbhinní seo le fáil i Leabhar Cheanannais chomh maith. Mar shampla, ábhar iontais is ea an chomhsheasmhacht ó thaobh fhoirm na litreacha maisithe de i réamhleathanaigh na Soiscéal agus na Soiscéal Oileánach. Déan comparáid, mar shampla, idir réamhleathanaigh [[Soiscéal Mhatha|Shoiscéal Mhatha]] i Soiscéil Lindisfarne agus i Leabhar Cheanannais. Tá snaidhmeadh casta maisiúil taobh istigh d'imlínte cheannlitreacha méadaithe an téacs sa dá leabhar. (Chun liosta níos cuimsithí de lámhscríbhinní ábhartha a fheiceáil, féach: List of Hiberno-Saxon illustrated manuscripts).
Díorthaíonn an
Níor críochnaíodh an lámhscríbhinn riamh. Tá cúig theoiric iomaíocha ar a laghad maidir le háit bhunaidh agus am críochnaithe na lámhscríbhinne. Sa chéad chás, seans gur cruthaíodh an leabhar, nó an téacs amháin, in Í agus gur tugadh go Ceanannas ansin é, ar cuireadh na léaráidí leis, b’fhéidir, agus nár críochnaíodh riamh é. Sa dara cás, seans gur cruthaíodh an leabhar ar fad in Í. Sa tríú cás, seans gur cruthaíodh an lámhscríbhinn sa teach screaptra i gCeanannas. Sa cheathrú cás, seans gur cruthaíodh i dtuaisceart Shasana é, ag Lindisfarne b’fhéidir, agus gur tugadh go hÍ é agus uaidh sin go Ceanannas. Faoi dheireadh, seans go ndearnadh é ag mainistir anaithnid in Albain in aimsir na gCruithneach. Cé nach cosúil go mbeidh freagra conclúideach ar cheist déantúis an leabhair riamh, glactar go forleathan leis an gcéad teoiric faoi láthair – gur tosaíodh air in Í agus gur cuireadh leis i gCeanannas. Gan aird ar cibé teoiric atá fíor, táthar cinnte go ndearna manaigh Cholm Cille, a raibh an-bhaint acu leis an bpobal in Í, Leabhar Cheanannais.
Líne 34:
Dar leis, cuimsíonn an leabhar teacht le chéile na g[[ceathrar soiscéalaithe]] dar le h[[Naomh Iaróm|Iaróm]], agus ar gach leathanach ar leith tá dearaí ar leith, agus iad suaitheanta ag dathanna éagsúla. Féadtar, dar leis, aghaidh mórgachta agus í tarraingthe go diaga a fheiceáil anseo; ansiúd féadtar siombail mhistéireacha na Soiscéalaithe a fheiceáil le sciatháin – péire sciathán, sé sciathán, ceithre sciathán, péire arís. Iolar anseo, gamhain ansiúd; fear anseo, leon ansiúd agus gach foirm eile atá ann, infinideach nach beag. Má thugann tú gnáth-shracfhéachaint orthu, dar leis, sílfidh tú gur scriosadh atá ann, seachas fíochán. Tá togha na ceardaíochta mórthimpeall ort, ach seans nach dtabharfadh tú faoi deara é. Déan grinnscrúdú air agus treáfaidh tú scrín na healaíne. Déanfaidh tú amach castachtaí, chomh mín agus chomh fíneálta sin, chomh lom lán de shnaidhmeanna agus de thrilseáin, ar dhathanna chomh húr agus chomh beoga, go gceapfaidh tú, dar leis, gur saothar [[aingeal|aingil]] atá ann seachas saothar fir.
Ós rud é go
=== An Nua-Aois ===
Líne 41:
Thar na blianta, cuireadh roinnt aguisíní le téacs Leabhar Cheanannais. Sa séú haois déag, chuir Gerald Plunkett as Baile Átha Cliath sraith [[Uimhir Rómhánach|uimhreacha Rómhánacha]] le caibidlí na Soiscéal de réir na rannta a chruthaigh Ard-Easpag Canterbury an tríú haois déag, Stephen Langton. Rinne an ministir suntasach Anglacánach, James Ussher, comhaireamh agus uimhriú ar na fóiliónna sa bhliain 1621, go gairid i ndiaidh do [[Rí Séamas I]] é a ainmniú ina Easpag ar an Mí. Tugadh cuireadh don [[Bhanríon Victoria]] agus don [[Prionsa Albert|Phrionsa Albert]] an leabhar a shíniú sa bhliain 1849. Déanta na fírinne, áfach, shínigh siad fordhuilleog nua-aoiseach ar creideadh, go lochtach, gur cheann de na fóiliónna bunaidh í. Baineadh an leathanach lena gcuid sínithe nuair a athcheanglaíodh an leabhar sa bhliain 1953.
Thar na céadta, rinneadh an leabhar a athcheangal roinnt uaireanta. Le linn athcheangal an ochtú haois déag, rinneadh sioscadh antuisceanach ar na leathanaigh agus cailleadh codanna beaga de roinnt léaráidí. Rinneadh an leabhar a athcheangal sa bhliain 1895 freisin, ach thit an
Sa bhliain 2000, seoladh an
=== Macasamhla ===
[[Íomhá:BookKells.jpg|thumb|Cuimsítear an téacs “Erat autem hora tercia” (“ansin a bhí an tríú huair”) i bhfóilió 183r ó fhacsamhail Leabhar Cheanannais na bliana 1990. Sa bhliain 1951, rinne an foilsitheoir Eilvéiseach, Urs Graf-verlag Bern, an chéad fhacsamhail de Leabhar Cheanannais.]]
Macasamhlaíodh an chuid is mó de na leathanaigh i n[[grianghraif]] dhubha agus bhána, ach bhí 48 macasamhail dhaite san eagrán freisin, lena
Sa bhliain 1979, d’iarr foilsitheoir Eilvéiseach, Faksimile-Verlag Luzern, cead chun facsamhail lándaite den leabhar a dhéanamh. Diúltaíodh cead ar dtús, mar cheap oifigigh Choláiste na Tríonóide go raibh baol ró-ard díobhála ann. Faoin mbliain 1986, bhí próiseas forbartha ag Faksimile-Verlag a bhain úsáid as súchán séimh chun an leathanach a dhíriú ionas go mbeifí in ann grianghraf den leathanach a ghlacadh gan teagmháil a dhéanamh leis, agus fuair siad cead facsamhail nua a fhoilsiú dá bharr. Tar éis dóibh grianghraf a ghlacadh de gach leathanach, ullmhaíodh facsamhail aonleathanaigh chun é a chur i gcomparáid leis an mbunleagan agus rinneadh coigeartú air nuair ba ghá. Foilsíodh an saothar críochnaithe sa bhliain 1990 i dtacar de dhá imleabhar le facsamhail iomlán agus tráchtaireacht léannta. Tá cóip amháin díobh i seilbh na hEaglaise [[Eaglais Shasana|Anglacánaí]] i gCeanannas ar shuíomh na bunmhainistreach.
Líne 63:
[[Íomhá:KellsFol005rCanonTable.jpg|thumb|left|Cuimsíonn fóilió 5r leathanach de [[Chanónacha Eusebius]].]]
Tá dhá bhlúire de liostaí ainmneacha Eabhracha; ceann ar recto an chéad fhóilió a mhaireann agus ceann ar fhóilió 26, atá curtha isteach ag críoch an réamhábhair d’Eoin. Cuimsíonn an chéad liosta briste críoch an liosta le haghaidh Shoiscéal Mhatha. Theastódh dhá fhóilió eile le haghaidh na
Tagann táblaí canóna Eusebius as Caesarea i ndiaidh an chéad liosta briste. Forbraíodh na táblaí seo chun na Soiscéil a chrostagairt agus gabhann siad roimh théacs na Vulgáide. Roinn Eusebius an Soiscéal ina chaibidlí agus chruthaigh sé táblaí ansin a chuir ar chumas léitheoirí eachtraí áirithe de bheatha Chríost a aimsiú sna Soiscéil. Go traidisiúnta, áiríodh na táblaí canóna i réamhábhair fhormhór na gcóipeanna meánaoiseacha de théacs Vulgáide na Soiscéal. Tá sé fíordheacair táblaí Leabhar Cheanannais a úsáid, áfach, mar gur chomhdhlúthaigh an scríobhaí na táblaí sa chaoi agus go bhfuil siad trí chéile anois. Chomh maith leis sin, níor cuireadh na huimhreacha comhfhreagracha caibidle isteach in imill an téacs riamh, rud a chiallaíonn go bhfuil sé dodhéanta na codanna dá bhfuil na táblaí canóna ag tagairt a aimsiú. Ní léir an fáth ar fágadh ar lár iad: b’fhéidir go raibh sé ar intinn ag an scríobhaí na tagairtí a chur leis tar éis dó a bheith críochnaithe, nó b'fhéidir gur fhág sé ar leataobh iad d’aon ghnó ionas nach millfeadh sé cuma na leathanach.
Líne 89:
Gabhann cuid mhaith mionsamhlacha lánleathanaigh leis an téacs, agus feictear níos mó maisithe beaga péinteáilte ar fud an téacs ná riamh roimhe. Tá cáil ar mhaisiú an leabhair as mionsonraí casta a chur le chéile le déantúis dhána fhuinniúla. Baintear amach buaicthréithe na ceannlitreach lámhscríbhinne Oileánaí anseo, mar a dhéanann Carl Nordenfalk cur síos orthu: “the initials ... are conceived as elastic forms expanding and contracting with a pulsating rhythm. The kinetic energy of their contours escapes into freely drawn appendices, a spiral line which in turn generates new curvilinear motifs...” Bíonn réimse leathan dathanna i gceist leis na léaráidí, go háirithe corcra, liathchorcra, dearg, bándearg, glas agus buí. Tá claonadh sna lámhscríbhinní luatha i dtreo pailéad níos lú. Ní úsáideann Leabhar Dharú ach ceithre dhath mar shampla. Mar ba ghnách le saothar Oileánach, níor baineadh úsáid as [[órdhuille]] ná [[airgead-duille]] sa lámhscríbhinn. Dhéantaí na líocha le haghaidh na léaráidí, a d’áirigh ócar dearg agus buí, lí copair ghlais (ar a dtugtar verdigris uaireanta), indeagó agus [[lapis lazuli]], a iompórtáil ó réigiún na Meánmhara agus, i gcás an lapis lazuli, ó oirthuaisceart na hAfganastáine.
Tá an clár maisithe mhórthaibhsigh i bhfad níos suntasaí ná aon leabhar Soiscéil Oileánaigh eile a mhaireann. Tá deich léaráid lánleathanaigh a mhaireann lena
[[Íomhá:KellsFol002rCanonTable.jpg|thumb|right|Cuimsíonn fóilió 2r de Leabhar Cheanannais ceann de [[Chanónacha Eusebius]].]]
Tosaíonn fóiliónna na lámhscríbhinne atá ar marthain le blúire de ghluais na
Leagtar béim bhreise ar aontacht na Soiscéal trí mhaisithe tháblaí canóna Eusebius. Léiríonn na táblaí canóna féin aontacht na Soiscéal go dúchasach trí shleachta comhfhreagracha ó na Soiscéil a eagrú. Teastaíonn dhá leathanach déag le haghaidh tháblaí canóna Eusebius de ghnáth. I Leabhar Cheanannais, bheartaigh lucht déanta na lámhscríbhinne ar dhá leathanach déag (fóilió 1v go 7r) ach ar chúis anaithnid, chomhdhlúthaigh siad le deich leathanach é, a d’fhág fóilió 6v go 7r folamh. Chiallaigh an comhdhlúthú seo nach rabhthas in ann na tablaí canóna a úsáid. Tá maisiú an chéad ocht leathanach de na táblaí canóna go mór faoi thionchar Luathleabhair Shoiscéil ón Meánmhuir, ina raibh traidisiún na táblaí a fhágáil laistigh de stuara (ar nós Táblaí Canóna Londan). Cuireann lámhscríbhinn Cheanannais an mhóitíf seo i láthair ar bhealach Oileánach, a chiallaíonn nach bhféachtar ar na stuaraí mar ghnéithe ailtireachta, ach go mbíonn siad ina bpatrúin chéimseatúla stílithe le maisiú Oileánach. Tá na ceithre shiombail soiscéalaithe sna spásanna faoi agus os cionn na stuanna. Cuirtear an dá thábla canóna dheireanacha i láthair laistigh de ghréille. Níl an láithriú sin le feiceáil ach amháin i lámhscríbhinní Oileánacha agus chonacthas ar dtús i Leabhar Dharú é.
Líne 113:
[[Íomhá:KellsFol029rIncipitMatthew.jpg|thumb|left|Tá réamhrá [[Shoiscéal Mhatha]] i bhfóilió 29r.]]
Is le bíseanna mórthaibhseacha agus le h[[obair shnaidhme]]
Tosaíonn Soiscéal Mhatha le [[ginealach Íosa Críost]]. Is ag [[Naomh Matha Soiscéalaí|Matha]] 1:18 a thosaíonn fíorinsint bheatha [[Íosa Críost]]. Cuireadh béim mhór ar “an dara tús” seo de Shoiscéal Mhatha in go leor luath-leabhar Soiscéil, rud a d'fhág gur caitheadh leis an dá chuid mar shaothair éagsúla. Is leis an bhfocal ''Críost'' a thosaíonn an dara leath. Ba mhinic a úsáideadh na litreacha Gréagacha ''chi'' agus ''rho'' i lámhscríbhinní meánaoiseacha chun an focal ''Críost'' a ghiorrú. I Leabhair Soiscéal Oileánacha, bhí an chéad [[monagram|mhonagram]] ''[[Chi Rho]]'' méadaithe agus maisithe. I Leabhar Cheanannais, cuireadh clár maisithe i bhfeidhm ar an dara tús seo a bhí comhionann leis na cláir a bhí mar réamhra ag na Soiscéil aonair. Tá mionsamhail de Chríost mar Rí i verso Fhóilió 32. (Áitítear go bhfuil an mhionsamhail seo ar cheann de na portráidí Soiscéalaí a cailleadh. Tá an íocónagrafaíocht éagsúil leis na portráidí atá ar marthain, áfach, agus glacann an léann reatha leis an aitheantas agus an socrú seo don mhionsamhail seo.) Os comhair na mionsamhla seo, ar recto fhóilió 33, tá an
[[Íomhá:Meister des Book of Kells 001.jpg|thumb|right|Tá an monagram ''[[Chi Rho]]'' i bhfóilió 34r. Is iad ''Chi'' agus ''Rho'' an chéad dá litir san fhocal ''[[Críost]]'' sa [[Ghréigis]].]]
Líne 131:
[[Íomhá:KellsFol034rXRhoDet3.jpeg|thumb|right|Mar a thaispeántar sa léiriú beag seo ar leathanach an [[monagram|mhonagraim]] Chi Rho, tá go leor de mhaisiú Leabhar Cheanannais go breá casta. (Fóilió 34r)]]
Is maisiúcháin d’ardchaighdeán iad go léir agus bíonn siad thar a bheith casta go minic. I maisiú amháin a chlúdaíonn cearnóg aon orlach de leathanach, tá 158 píosa de ribín bán, le himeall dubh, fite fuaite ar a chéile. Ní féidir roinnt den mhaisiú a fheiceáil ach amháin le gloine formhéadúcháin, cé nach eol dúinn go raibh a leithéid de ghloine, leis an gcumhacht cheart, ar fáil go dtí na céadta bliain i ndiaidh an leabhar a bheith críochnaithe. Freagraíonn an snaidhmeadh casta agus na léaráidí fite, ar thángthas orthu i gCeanannas agus i mainistreacha gaolmhara eile, de mhiotalóireacht agus shnoíodóireacht chloiche na tréimhse sin. Ó tosaíodh ag teacht orthu arís, diaidh ar ndiaidh, ón 9ú haois déag ar aghaidh, tá éileamh leanúnach ar na léaráidí seo. Go deimhin, úsáidtear go leor de na móitífeanna seo san ealaín choiteann, lena
== Feidhm ==
Líne 138:
==I scannáin==
Rinneadh scannán beochana sa bhliain 2009 dar theideal ''[[Rún Cheannannais Mhóir]]'' ina
|