An difríocht idir athruithe ar: "Jean Renart"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ainm cléite ab ea '''Jean Renart''' (nó ''Jehan Renart'' nó ''Jean Renaut''). Do bhí an t-ainm cléite sin in úsáid ag scríbhneoir Francach a raibh saothair á g...'
 
Naisc, srl.
Líne 1:
[[Ainm cléite]] ab ea '''Jean Renart''' (nó ''Jehan Renart'' nó ''Jean Renaut''). Do bhí an t-ainm cléite sin in úsáid ag scríbhneoir Francach a raibh saothair á gcumadh insan t[[An tSean-Fhraincis|Sean-Fhraincis]] aige ag deireadh na [[12ú haois|12ú haoise]] agus ag tús na [[13ú haois|13ú haoise]]. Is cosúil gur rugadh insan [[Île-de-France]] é agus go raibh cónaí i dtigh [[Cunta Bhoulogne|Chunta Bhoulogne]] air. Do bhí an t-[[easpag]] [[Milon de Nanteuil]] ina chaomhnóir aige. Dar leis an scoláire [[Rita Lejeune]], ba é [[Hugues de Pierrepont]], [[Prionsacht easpaig Liège|prionsa-easpa Liège]] a bhí taobh thiar de 'Jean Renart'.<ref>Rita Lejeune, « Jean Renart, pseudonyme littéraire de l'évêque de Liège, Hugues de Pierrepont (1200-1229) », ''Revue belge de philologie et d'histoire'', 77:2, 1999, <abbr>lch</abbr> 271-297.</ref>
 
Tá trí cinn de shaothair againn sa lá atá inniubh ann a bhfuiltear cinnte dearfach gurb é Jean Renart a chum iad. Is iad saothair Jean Renart ná: ''L'Escoufle'' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'An Cúr'), a bhfuil 9,000 véarsaí ann; ''Le Lai de l'Ombre'' (Gaeilge: 'Laoi an Scátha' ), saothar cúirtéiseach a bhfuil 962 véarsaí ann; agus ''[['Le Roman de la Rose' (Jean Renart)|Le Roman de la Rose]]'' (Gaeilge: 'Rómáns an Róis'), saothar a thug an daonnachtaí [[Claude Fauchet (1530-1602)|Claude Fauchet]] ''Guillaume de Dole'' air insan [[16ú haois]], a bhfuil 5,656 véarsaí ann.
 
<br />{{Síol}}