An difríocht idir athruithe ar: "Robert de Boron"

file Francach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cléireach nó cniocht de bhunadh Fhrance-Comté a rugadh i mBoron, baile suite i d''territoire'' Bhelfort na Fraince, ab ea '''Robert de Boron''' nó '''Robert de Borr...'
(No difference)

Leagan ó 11:53, 17 Eanáir 2019

Cléireach nó cniocht de bhunadh Fhrance-Comté a rugadh i mBoron, baile suite i dterritoire Bhelfort na Fraince, ab ea Robert de BoronRobert de Borron (deireadh na 12ú haoise - tús na 13ú haoise). Scríbhneoir Francach a chum saothair véarsaíochta fén Soitheach Naofa ab ea é, agus an tSean-Fhraincis teanga a chuid scríbhneoireachta.

Cé go rabhadar bunaithe ar shaothair Chrétien de Troyes agus Wace, do tháinig athruithe móra ar scéal Rí Artúr insna saothair a cheap Robert de Boron. Baineann an chuid is mó desna athruithe sin leis an dtábhacht a thug de Boron don gCríostaíocht. Ba é Robert de Boron, mar shampla, a dhein creadair den Soitheach; insna scéalta dá chuidse, is ionann an Soitheach agus an Chailís Naofa (.i. an chailís a baineadh úsáid aisti ag an Séire Déanach agus ar thit braoin fhuil Íosa Críost inti nuair a bhí sé thuas ar an gCros).

Is iad príomhshaothair de chuid Robert de Boron ná Le Roman de l'histoire du Graal (Gaeilge: 'Rómáns Stair an tSoithigh'), a cheap sé thart ar an mbliain 1200, Joseph d'Arimathie (Gaeilge: 'Iósaef ó Aramatáia') agus Merlin en prose (Gaeilge: 'Merlin trí phrós'), dhá shaothar a cheap sé ag tús na 13ú haoise, agus Perceval en prose (Gaeilge: 'Perceval trí phrós'), a cheap sé timpeall 1205-1210.

Ag deireadh Le Roman de l'histoire du Graal, tugann Robert de Boron le tuiscint don léitheoir go bhfuil sé i seirbhís fir darb ainm Gautier "Mhont Belyal", agus meastar gurb é an fear a bhfuil i gceist aige ná Gautier de Montbéliard, tiarna Mhontfaucon, a fuair bás insan mbliain 1212 nuair a bhí sé i gcrosáid.