An difríocht idir athruithe ar: "Robert de Boron"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cléireach nó cniocht de bhunadh Fhrance-Comté a rugadh i mBoron, baile suite i d''territoire'' Bhelfort na Fraince, ab ea '''Robert de Boron''' nó '''Robert de Borr...'
 
Naisc, srl.
Líne 1:
[[Cléireach]][[Ridire|cniocht]] de bhunadh Fhrance[[Franche-Comté|Fhranche-Comté]] a rugadh i mBoronm[[Boron (Territoire de Belfort)|Boron]], baile suite i d[[Territoire de Belfort|''territoire'' Bhelfort]] na [[An Fhrainc|Fraince]], ab ea '''Robert de Boron''' nó '''Robert de Borron''' (deireadh na [[12ú haois|12ú haoise]] - tús na [[13ú haois|13ú haoise]]). [[Scríbhneoir]] [[Francaigh|Francach]] a chum saothair véarsaíochta fén [[An Soitheach Naofa|Soitheach Naofa]] ab ea é, agus [[an tSean-Fhraincis]] teanga a chuid scríbhneoireachta.
 
Cé go rabhadar bunaithe ar shaothair [[Chrétien de Troyes]] agus [[Wace]], do tháinig athruithe móra ar scéal [[Rí Artúr]] insna saothair a cheap Robert de Boron. Baineann an chuid is mó desna athruithe sin leis an dtábhacht a thug de Boron don gCríostaíochtg[[An Chríostaíocht|Críostaíocht]]. Ba é Robert de Boron, mar shampla, a dhein creadair den Soitheach; insna scéalta dá chuidse, is ionann an Soitheach agus [[an Chailís Naofa]] (.i. an chailís a baineadh úsáid aisti ag an [[An Suipéar Déanach|Séire Déanach]] agus ar thit braoin fhuil [[Íosa Críost]] inti nuair a bhí sé thuas ar an gCros).
 
Is iad príomhshaothair de chuid Robert de Boron ná ''Le Roman de l'histoire du Graal'' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Rómáns Stair an tSoithigh'), a cheap sé thart ar an mbliain [[1200]], ''Joseph d'Arimathie'' (Gaeilge: 'Iósaef ó Aramatáia') agus ''Merlin en prose'' (Gaeilge: 'Merlin trí phrós'), dhá shaothar a cheap sé ag tús na 13ú haoise, agus ''Perceval en prose'' (Gaeilge: 'Perceval trí phrós'), a cheap sé timpeall [[1205]]-[[1210]].<ref>Tá na dátaí a thugtar annso bunaithe ar sonraí a thugann Claude Lachet (''viz''. Claude Lachet, ''Les métamorphoses du Graal : anthologie'', Flammarion, 2012).</ref>
 
Ag deireadh ''Le Roman de l'histoire du Graal'', tugann Robert de Boron le tuiscint don léitheoir go bhfuil sé i seirbhís fir darb ainm Gautier "Mhont Belyal", agus meastar gurb é an fear a bhfuil i gceist aige ná [[Gautier de Montbéliard]], tiarna Mhontfaucon, a fuair bás insan mbliain [[1212]] nuair a bhí sé i gcrosáidg[[Crosáidí|crosáid]].
 
<br />{{Síol}}