An difríocht idir athruithe ar: "Eudes de Deuil"

Content deleted Content added
Naisc, srl.
mNo edit summary
Líne 1:
[[Beinidictigh|Manach dubh]] [[Francaigh|Francach]], agus ab [[Baisleac Shaint-Denis|Shaint-Denis]] ón mbliain [[1151]], ab ea '''Eudes de Deuil''', ar a dtugtar '''Odon de Deuil''' leis. Do rugadh é i n[[Deuil-la-Barre|Deuil]] thart ar an bliain [[1110]] agus do fuair sé bás ar an 8ú lá d'Aibreán insan mbliain [[1162]].
 
== Beatha ==
Cé gur fear de dhream iníseal a bhí ann, d'éirigh Eudes de Deuil ina chara rúin ag an ab [[Suger]], duine a raibh ról tábhachtach i [[Ríocht na Fraince]] aige ag an am. Ab Shaint-Denis agus fear comhairle agesna ríthe [[Louis VI le Gros|Louis VI ''le Gros'']] ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Louis VI an Ramhar') agus [[Louis VII le Jeune|Louis VII ''le Jeune'']] (Gaeilge: 'Louis VII an Óg') ab ea Suger, agus do chaith sé tréimhse ina leasrí nuair a bhí Louis VII i g[[Crosáidí|crosáid]]. As los thionchar Shuger, do ghlac an rí le hEudes mar rúnaí agus shagart méise.