An difríocht idir athruithe ar: "Eudes de Deuil"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 2:
 
== Beatha ==
Cé gur fear de dhream iníseal a bhí ann, d'éirigh Eudes de Deuil ina chara rúin ag an ab [[Suger]], duine a raibh ról tábhachtach i [[Ríocht na Fraince]] aige ag an am. Ab Shaint-Denis agus fear comhairle agesna ríthe [[Louis VI le Gros|Louis VI ''le Gros'']] ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Louis VI, anLouis Ramharramhar') agus [[Louis VII le Jeune|Louis VII ''le Jeune'']] (Gaeilge: 'Louis VII, anLouis Ógóg') ab ea Suger, agus do chaith sé tréimhse ina leasrí nuair a bhí Louis VII i g[[Crosáidí|crosáid]]. As los thionchar Shuger, do ghlac an rí le hEudes mar rúnaí agus shagart méise.
 
Do bharr na bpost a bhí aige, do bhí Eudes in éineacht leis an rí agus eisean i gcrosáid insan mbliain [[1147]]. Do chum Eudes [[croinic]] fén gcrosáid sin, an [[An Dara Crosáid|Tarna Crosáid]], agus ''De l'expédition de Louis VII en Orient'' (Gaeilge: 'Fé Eachtra Louis VII insan Oirthear') an teideal atá uirthi. Tagann deireadh leis an gcroinic seo nuair a bhaineann na crosáidí [[Aintíoch]] amach. Is mór an cabhair atá insan gcroinic a chum Eudes de Deuil, toisc go dtugann sí léargas dúinn ar na deacrachtaí a bhain leis an gcrosáid sin (plé leis na [[Gréagaigh (grúpa eitneach)|Gréagaigh]], dronga éagsúla i gceannas ar an Stát, agus mar sin de).