An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"

2 bytes removed ,  1 bhliain ó shin
Sa bhliain 84 r. Chr. [[Pósadh|phós]] Iúil Caesar Cornelia, iníon an chonsail [[Lucius Cornelius Cinna]], a raibh baint aige le páirtí na b''Populares''. Nuair a chuaigh Caesar le polaitíocht, ba é an ginealas a dheimhnigh go rachadh sé leis na ''Populares'', le páirtí an phobail. Mar shampla, bhí a uncail Caius Marius ina ghinearál a chloígh an dá threibh bharbartha úd ''Cimbri'' agus ''Teutoni'', agus é i gceannas ar [[Páirtí polaitíochta|pháirtí]] an phobail sa [[Seanad na Róimhe|Seanad]] chomh maith.
 
Sa bhliain chéanna (agus sé bhliainbliana d'aois aige), bhain Caesar amach post mar ''Flamen Dialis'', is é sin, príomh[[Sagart|shagart]] Iúpatair. B'fhéidir leas polaitiúil a bhaint as an bpost seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, d'éirigh le [[Lucius Cornelius Sulla]] deachtóireacht a bhaint amach go gairid ina dhiaidh seo. Ó bhí Sulla ag tacú le páirtí na n''Optimates'', is é sin, páirtí na huasalaicme, bhí Caesar i bponc. Bhí sé pósta ar iníon Cinna agus gaol aige le duine tábhachtach eile de na ''Populares'', mar atá, Marius. D'éiligh Sulla ar Caesar idirscaradh ó Cornelia ach ní raibh Caesar sásta tabhairt isteach dó. Ina ionad sin thréig sé an Róimh. Bhí cairde sa chúirt ag Caesar a d'fhéach chuige nach raibh [[dúnmharú]] polaitiúil á bhagairt air, ach mar sin féin, d'fhan sé ar a theitheadh taobh amuigh den [[An Róimh|phríomhchathair]].
[[Íomhá:Julius Caesar.jpg|clé|mion|dealbh bhrád, Pantelleria]]
Bhí fáilte roimhe sna [[fórsaí armtha]], ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí [[Cathair (lonnaíocht)|cathair]] Mytilene in [[oileán]] Lesbos faoi léigear ag [[saighdiúir]]í Thermus, bronnadh an ''corona civica'' nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar—b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an [[Rí]].
Is iomaí Seanadóir a bhí míshásta le saint Chaesar sa chonsalacht, agus leis an ród a réiteach roimhe chuaigh Caesar i bpáirt le beirt sárachán eile, mar atá, [[Marcus Licinius Crassus]] agus [[Cnaeus Pompeius Magnus]]. Ba í seo an chéad [[Triúracht]], nó "an t-arrachtach tríchloigneach", mar a dúirt Varro. Tháinig an t-airgead (Crassus), an oirbheartaíocht mhíleata (Pompeius) agus an tionchar polaitiúil (Caesar) le chéile sa triúracht seo. Leis an gceangal a dhaingniú, phós Pompeius iníon Caesar, Iulia.
 
Bhí an triúracht in ann an chonsalacht a bhaint amach do Caesar sa bhliain 59 r. Chr. Bhí cuid mhór de na Seanadóirí ag cur ina aghaidh mar sin féin, agus d'fhéach siad fiú le hé a chur as a phost trí tháinseamh. Ós rud é gur bronnadh próchonsalacht cúig bliana air le go mbeadh sé in ann cogadh a chur ar na hIllírigh agus ar na [[Gallaigh|Galla]]<nowiki/>igh, ní raibh seans ag a chuid naimhde an [[dlí]] a chur air mar ba mhian leo. Nuair a toghadh ina chonsal é phós sé arís. Calpurnia a bhí ar an mbrídeog, agus í ar an tríú bean chéile aige.
 
==== Próchonsalacht agus Cogadh ====
13,380

edits