An difríocht idir athruithe ar: "Seán A Mac Coisdealbha"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 27:
 
Toghadh é mar Bhinseoir de Chumann Onórach Ostaí an Rí freisin. Chaill sé a phost mar Ard-Aighne tar éis bua Fhianna Fáil in olltoghchán [[1932]] ach toghadh mar [[Teachta Dála|Theachta Dala]] de Chumann na nGaedhael (agus d'[[Fine Gael|Fhine Gael]] tar éis bunaithe an pháirtí sin) é in olltoghchán na bliana ina dhiaidh sin ([[1933]]).
[[Íomhá:US visit of Taoiseach Costello in 1956 (cropped).jpg|clé|mion|cuairt ar na S-A, 1956 ]]
 
Cháin sé an tAcht Cumhachtaí Práinne, [[1939]], go géar i ndíospóireacht Dála. Cheap sé gur thug an tAcht an iomarca cumhachta don rialtas. Chaill sé a shuíochán Dála sa bhliain [[1943]] ach d'athghabh sé an suíochán in olltoghchán na bliana [[1944]]. Ba urlabhraí Gnóthaí Eachtracha Fhine Gael é ó 1944 go [[1948]].
 
Líne 33:
== Taoiseach (1948-1951) ==
Tugadh post an Taoisigh d'Fhine Gael mar ba é Fine Gael an páirtí is mó sa chomhrialtas. Ba é [[Risteard Ó Maolchatha]] ceannaire Fhine Gael ach níorbh fhéidir le [[Clann na Poblachta]] glacadh leis mar Thaoiseach ó thaobh an pháirt a bhí aige sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Sheas ó Maolchatha síos agus ceapadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach.
[[Íomhá:US visit of Irish Taoiseach Costello in 1956 (cropped).jpg|mion]]
 
=== Fógairt na Poblachta ===
Line 38 ⟶ 39:
 
Bhí Mac Coisdealbha ar chuairt oifigiúil go [[Ceanada]] i rith mí Mean Fómhair 1948 nuair a chuir iriseoir ceist air maidir le fágail an [[An Comhlathas Briotanach|Chomhlathais Bhriotanaigh]]. D'fhreagair Mac Coisdealbha go poiblí go raibh an rialtas chun an tAchta a athghair agus chun Poblachta a fhógairt. Tháinig sin aniar aduaidh ar airí an rialtais agus ar rialtas na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] freisin. Tar éis fógartha na Poblachta sa bhliain [[1949]] chuir an Ríochta Aontaithe an ''Ireland Act'' i bhfeidhm. Dhaingnigh an tAcht stádas Tuaiscirt Éireann sa Ríocht Aontaithe agus thug sé cearta éagsúla do shaoránaigh na Poblachta a bhí ina gcónaí sa Bhreatain. D'fhág Éire an Comhlathas ar [[18 Aibreán]] 1949 ([[Luan Cásca]]) nuair a cuireadh an tAcht Phoblacht na hÉireann (1948) i bhfeidhm. Ghearr an tAcht an tsrian bhunreachtúil dheireanach idir an stát agus an Ríocht Aontaithe.
[[Íomhá:Road near Botanic Gardens (Finglas Golf Club), Glasnevin, Co. Dublin (33045119582).jpg|mion|Garraithe na Lus, [[Glas Naíon]]]]
 
=== Scéim Máthar agus Linbh ===
Thug an tAire Sláinte, [[Nollaig de Brún]] (Clann na Poblachta) an Scéim Máthar agus Linbh isteach sa bhliain [[1950]]. Thabharfadh an scéim cúram máithreachais saor in aisce do mháithreacha agus cúram sláinte saor in aisce dá bpáistí go dtí go raibh siad 16 bhliainbliana d'aois. Bhí na dochtúirí agus an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Caitliceach]] go mór in éadan na scéime. Cheap na dochtúirí go n-ísleodh an scéim a dteacht isteach agus bhí eagla ag na heaspaig go bhfágfaí an bealach don fhrithghiniúint agus don ghinmhilleadh. Bhí scoilt sa Chomh-Aireacht maidir leis an scéim. Cheap roinnt Airí nach bhféidir leis an stát costas na scéime a íoc. Chuir Mac Coisdealbha agus Airí eile in iúl do de Brún nach seasfaidís leis. D'éirigh de Brún as mar Aire ar an [[11 Aibreán]] [[1951]] agus cealaíodh an scéim. D'fhoilsigh de Brún a chomhfhreagras le Mac Coisdealbha agus leis na heaspaig.
[[Íomhá:Flag of the Council of Europe.svg|mion|[[Comhairle na hEorpa]]]]
 
=== Éifeacht an Rialtais ===
Line 51 ⟶ 54:
 
=== Olltoghchán 1951 ===
[[Íomhá:Logo of the Department of the Taoiseach as of April 2018.png|mion]]
[[Íomhá:Dublin Dept Taoiseach.jpg|mion|Roinn an Taoisigh]]
Cé gur buille don rialtas é an chonspóid maidir leis an Scéim Máthar agus Linbh, ní raibh sé ina buille marfach. Lean an rialtas ar aghaidh ar feadh tamaill ach bhí praghsanna ag ardú, bhí géarchéim chomhardaithe na n-íocaíochtaí ag teacht agus d'aistarraing dhá Theachta Dála a dtacaíocht. Chuir sin brú ar Mhac Coisdealbha agus ghair sé olltoghchán i mí Meitheamh, 1951. Bhí toradh éiginntitheach ag an toghchán ach bhí Fianna Fáil ábalta rialtas a chruthú. D'éirigh Mac Coisdealbha as mar Thaoiseach. Toghadh mac Mhic Coisdealbha, [[Deaglán Mac Coisdealbha|Deaglán]], mar Theachta Dála don chéad uair san olltoghchán seo.
 
Line 64 ⟶ 69:
=== Olltoghchán 1957 ===
Thug [[Seán Mac Giolla Bhríde]] (ceannaire Chlann na Poblachta) rún mímhuiníne isteach ó thaobh lagaithe an gheilleagair. Thug Fianna Fáil rún mímhuiníne isteach freisin. Ghair Mac Coisdealbha olltoghchán mar bhí sé beagnach cinnte go gcaillfeadh an rialtas vóta Dála. Bhain Fianna Fail móramh iomlán amach san olltoghchán.
[[Íomhá:Royal Irish Academy.jpg|mion|[[Acadamh Ríoga na hÉireann]] ]]
 
== Éirí As ==
Line 70 ⟶ 76:
Ba bhall d'[[Acadamh Ríoga na hÉireann]] é ó 1948. Bhronn Baile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Mac Coisdealbha agus ar [[Eamon de Valera|Éamon De Valera]] i mí Márta [[1975]]. Bhronn roinnt ollscoileanna sna [[Stáit Aontaithe]] dámhachtainí air freisin.
 
Bhí sé 84 bhliainbliana d'aois nuair a fuair sé bás ar an [[5 Eanáir]] [[1976]].
 
== FoinsíTagairtí ==
{{reflist}}