An difríocht idir athruithe ar: "Geoffroi de Villehardouin"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Croiniceoir agus cniocht Franach ab ea '''Geoffroi de Villehardouin''', a rugadh thart ar an mbliain 1150 agus a fuair bás idir Mí na Nollag insan mbliain 1212 agus M...'
(No difference)

Leagan ó 18:18, 21 Eanáir 2019

Croiniceoir agus cniocht Franach ab ea Geoffroi de Villehardouin, a rugadh thart ar an mbliain 1150 agus a fuair bás idir Mí na Nollag insan mbliain 1212 agus Mí an Mheithimh insan mbliain 1218.[1] Mar chniocht, do chuaigh Geoffroi de Villehardouin ar chrosáid agus do bhí sé páirteach i gconcas Iarúsailéim (1203 - 1204), rud a tharla le linn an Ceathrú Crosáid, agus i mbunú Impireacht Laidineach an Oirthir. Do deineadh Maréchal de Champagne (Gaeilge: 'Marascal Champagne') de Gheoffroi de Villhardouin agus dob é ina Mharéchal de Romanie (.i. Marascal d'Impireacht Laidineach an Oirthir) ina dhiaidh sin.


Ón mbliain 1207 go dtí an bhliain 1213, do scríobhadh Geoffroi de Villehardain De la Conquête de Constantinople (Gaeilge: 'Fé Choncas Chathair Chonstaintín'), saothar a insíonn stair an Ceathrú Croisáid agus a thugann léargas dúinn ar eachtraí a tharla idir 1198 agus 1207 go háirithe. Ba i Sean-Fhraincis a scríobh Geoffroi de Villehardain an chronic seo agus tá clú agus cáil uirthi de bharr chumas a scríbhneoireachta. Ón 19ú haois amach, do chuir staraithe áirithe i leithe Gheoffroi de Villhardain nach ndúirt sé an fhírinne ghlan maidir leis an gCeathrú Crosáid: Dar leis na staraithe siúd, ba é de dheasca comhcheilge réamhbheartaithe - comhcheilg a raibh muintir Venéise nó daoine Gearmánacha thaobh thiar di - a chuaigh an Ceathrú Crosáid ar strae agus a deineadh dearmad ar an aidhm a bhí mar bhunús léi ar dtús. Ní dhéanann Gheoffroi de Villhardain aon trácht ar a leithéid de comhcheilg agus síleann na staraithe sin nach ndéanann sé aon trácht uirthi toisc go raibh sí á ceilt aige, nó toisc nach raibh sé ar an eolas fúithi. Ní aontaíonn gach staraí leis an ndearcadh san, áfach; ceapann go leor staraithe nach raibh aon chomhcheilg ar bun le linn an Ceathrú Crosáid agus nár dhein Geoffroi de Villhardain aon iarracht rudaí a cheilt ná a athrú agus a chroinic á scríobh aige.

  1. Jean Longnon, Les Compagnons de Villehardouin : Recherches sur les croisés de la quatrième croisade (Genève: Droz, 1978), lch. 26, 32.