An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáin"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Roinn 'Eacnamaíocht'
Líne 51:
Tá freisin an tír neamhspleách [[An Mholdóiv|Poblacht na Moldóive]]; bhí sa réigiún stairiúil céanna ar a dtugadh an Mholdóiv leis an gcuid atá anois sa Rómáin go dtí [[1812]], ach sa bhliain sin bhí ar [[Impireacht Otamánach|an Impireacht Otamánach]] (a raibh prionsacht na Moldóive faoina smacht ag an am) leath oirthearach na prionsachta a ghéilleadh chun [[Impireacht na Rúise|Impireachta na Rúise]]; mar gheall air seo, ní raibh an chuid oirthearach seo in ann aontú le stát neamhspleách na Rómáine nuair a cruthaíodh í sa bhliain [[1878]], agus fuair sí a neamhspleáchas tar a éis seo, an uair is deireanaí sa bhliain [[1990]] tar éis titime [[An tAontas Sóivéadach|an Aontais Shóivéadaigh]].
 
== Eacnamaíocht ==
[[Íomhá:Judete & Regions of Romania.png|mion|Réigiúin na Rómáine]]
Úsáidtear an leu mar airgeadra sa Rómáin. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón [[Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta|gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta]], is é geilleagar na Rómáine an 42ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre ([[Olltáirgeacht intíre|OTI]]) chothroime cumhachta ceannaíochta (CCC), agus an 50ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI CCC de réir chónaithigh, is an 62ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Rómáin, é ar $23,991 don chónaitheach. Dar le ''hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Rómáin an 43ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 27ú tír is forbartha san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], as 28 ceann.
 
I Mí na Samhna 2018, bhí ráta dífhostaithe na tíre ar 3.9%, an seachtú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics|teideal=Unemployment statistics - Statistics Explained|work=ec.europa.eu|dátarochtana=2019-01-26}}</ref>[[Íomhá:Judete & Regions of Romania.png|mion|Réigiúin na Rómáine]]
 
[[Íomhá:Iasi cultural palace.jpg|mion|Pálás cultúir Iași]]