An difríocht idir athruithe ar: "Nuala Ní Dhomhnaill"

m
(Idirnáisiúnta Duais Herbert - Międzynarodowa Nagroda Literacka im. Zbigniewa Herberta)
 
== Aistriúcháin ==
I nGaeilge amháin a scríobhaíonnscríobhann sí féin, ach cuireann sí fáilte roimh aistriúcháin. Is aoibhinn léi an teanga agus dar léi ‘Irish is a language of beauty, historical significance, ancient roots and an immense propensity for poetic expression through its everyday use’. Tá Béarla, Tuircis, Fraincis, Gearmáinis agus Ollainnnis ar a toil aici freisin.
 
Tá aistriúcháin dá dánta go Béarla le fáil i ''Rogha Dánta/Selected Poems'' (1986, 1988, 1990); ''The Astrakhan Cloak'' (1992), agus ''The Fifty Minute Mermaid'' (2007). Foilsíodh ''Selected Essays'' sa bhliain 2005.
Ba é Micheál Ó hAirtnéide a d'aistrigh ''Rogha dánta / Selected poems'' (BÁC: Raven Arts, 1988). Ar na haistriúcháin eile tá: ''Pharaoh's daughter'' (An Mhí: Gallery Press, 1990) ina raibh roinnt dánta nua móide aistriúcháin le daoine éagsúla; ''The Astrakhan Cloak'' (Oldcastle: Gallery Press, 1992) ina raibh dánta nua móide aistriúcháin le Paul Muldoon; agus ''The Water Horse'' (Oldcastle: Gallery Press, 1999) ina bhfuil aistriúcháin le Medbh McGuckian agus Eiléan Ní Chuilleanáin.
 
Tá aistriúcháin le fáil i bh[[Fraincis]], i n[[Gearmáinis]], i b[[Polainnis]], in [[Iodáilis]], in [[Ioruais]], in [[Eastóinis]] agus i [[Seapáinis]] freisin.
 
Aistríonn filí mór le rá mar [[Seamus Heaney]], [[Paul Muldoon]] agus Michael Longley a cuid filíochta. Tá sí réasúnta sásta leis na haistriúcháin atá déanta ar a saothar ach deir sí go dtéann filí áirithe ar strae an iomarca óna bundánta. Deir sí, áfach, go dtaitníonn aistriúcháin [[Paul Muldoon]] léi thar aistriúcháin aon duine eile, cé go bhfágann sé rian láidir ar a saothar.<ref>http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=520</ref>
* Féar Suaithinseach (Maigh Nuad, 1984)
* Jimín (dráma do pháistí, BÁC, 1985)
* Rogha Dánta/SelctedSelected Poems (Raven Arts, 1986, Aistriúcháin le Michael Hartnett)
* Feis (Maigh Nuad, 1991)
* Pharaoh's Daughter (1990)
9

edits