An difríocht idir athruithe ar: "An Iodáilis"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
clib: Mobile edit Mobile web edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 13:
|iso1=it|iso2=itn|iso3=ita}}
 
Is í an '''Iodáilis''' nó an ''Eadáinis'', mar a thug [[Máirtín Ó Cadhain]] uirthi de réir a [[Gaeilge ChonamaraChonnacht|a chanúna]] (Iodáilis: '''italiano''' nó ''lingua italiana'') [[teanga náisiúnta]] na hIodáile. Labhraítear freisin í i [[Cathair na Vatacáine|gCathair na Vatacáine]], san [[An Airgintín|Airgintín]], san [[An Eilvéis|Eilvéis]], in [[Uragua]], sa [[An Bhrasaíl|Bhrasaíl]], sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]] agus san [[An Fhrainc|Fhrainc]]. Ceann de na [[teanga oifigiúil|teangacha oifigiúla]] is ea í san [[An Eilvéis|Eilvéis]], chomh maith leis an bh[[An Fhraincis|Fraincis]], an [[An Ghearmáinis|Ghearmáinis]] agus an [[Réata-Rómáinis]]. Teanga bhundúchasach is ea an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an ''lunfardo'', lán focail iasachta ón Iodáilis.
 
Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná ''lingua toscana in bocca romana'', teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.