An difríocht idir athruithe ar: "Lorenzo Ó Meachair"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 26:
| allstars=
}}
Duine spóirt [[Éire]]annach a bhí i '''Lorenzo Iognáid"Lory" Ó Meachair''' ([[Béarla]]: ''Lorenzo Ignatius Meagher'') ([[1899]]–[[1973]]), nó '''Lory Meagher''' mar a bhí aithne níos fearr air. D'imir Meagher [[iomáint]] leis an gclub cáiliúil [[CLG Tulach Ruáin|Tulach Ruáin]] i g[[Contae Chill Chainnigh]] sna [[1920idí|fichidí]] agus sna [[1930idí|tríochaidí]], agus chaith sé na blianta idir [[1924]] agus [[1935]] ina bhall de fhoireann sinsir iomána [[CLG Coiste Contae Cill Chainnigh|Chill Chainnigh]]. Is minic a aicmítear Lory Ó Meachair mar duine[[Duine|dhuine]] de na laochra is mó i stair an chluiche. Cruthúnas amháin don mholadh seo ná gur roghnaíodh é i bh[[iomáint|Foireann Iomána na Mílaoise]] sa bhliain [[1999]].
 
== Tús a shaoil ==
Líne 47:
 
An bhliain dar gcionn, bhuaigh Ó Meachair agus na Cait boinn sa t[[Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta]], an chéad uair a bhaineadar an trófaí agus an ceann deireanach go dtí [[1962]]. Lean an rath ar aghaidh i gcraobh na hÉireann, le bua i gCraobh Laighean agus sa chluiche leathcheannais. [[CLG Coiste Luimneach|Luimneach]] a bhí ann ina n-éadan, ach ní raibh siad ábalta na Cait a chloígh agus thóg Ó Meachair a dara bonn uile-Éireann abhaile. Chaill Cill Chainnigh a gcoróin i gCraobh Laighean áfach sa bhliain 1934. Ní dhearna siad an botún céanna sa bhliain 1935, agus bhain siad an craobh amach arís, an séú ceann do Ó Meachair. Bhuail siad le Luimneach arís sa chluiche mór - curaidh na hÉireann, curaidh an tSraith agus gan chailliúint i 31 cluiche. Mar gheall ar seo, creideadh go mbeadh bua éasca eile ag na Mumhanaigh. Tháinig 46,000 amach go Páirc an Chrócaigh ar lá an chluiche. Cé go raibh an bháisteach ag titim go trom, níor chuir sé isteach ar chaighdeán na hiomána, agus imríodh ceann de na claissaicí. Ní raibh a lán idir na foirne sa chéad leath, ach ag tús an dara leath sheol Ó Meachair, captaen na foirne, cúilín ollmhór thar an trasnán ó lár na páirce, agus d'oscail sé bearna nach ngéillfeadh na Cait arís. Bhí an lá ag na gCait, an tríú bhonn do Ó Meachair. Tar éis an bua stairiúil seo, d'fhógair Ó Meachair go mbeadh sé ag cur deireadh leis a ghairmréim idir-chontae.
[[Íomhá:Cracked and splintered hurley.jpg|mion]]
[[Íomhá:Kilkenny colours.PNG|mion]]
 
== "Bród Tullaroan" ==
Tugtar "[[Bród Tullaroan]]" ar an teach ina chaith Lory Ó Meachair a shaol ina chónaí leis a dheirfiúracha, agus tá sé oscailte don phobal sa lá atá inniu ann. Teach feirme dhá stór le díon tuí atá ann ón [[17ú haois]], a athchóiriú ag tús na 1900idí.

Tugann sé léirgeas maith dúinn i saol theaghlaigh feirmeoireachta réasúnta compordach ón ré sin. Tá ionad taispeántais agus músaem le fáil ann a thaispeánann an iliomad éachtaí a rinne Cill Chainnigh sna cluichí Gaelacha. I measc na rudaí atá bailithe ann, tá roinnt de na boinn agus duaiseanna spóirt a bhronnadh ar Ó Meachair le linn a shaoil gaisciúil.
 
== Tagairtí ==