An difríocht idir athruithe ar: "An Ungáir"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Eacnamaíocht: Tagairt agus nasc
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Eacnamaíocht: Tuarascáil Sonais Domhanda
Líne 58:
 
== Eacnamaíocht ==
Úsáidtear an ''forint'' mar airgeadra san Ungáir. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón [[Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta|gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta]], is é geilleagar na hUngáire an 60ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre ([[Olltáirgeacht intíre|OTI]]) chothroime cumhachta ceannaíochta (CCC), agus an 58ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI CCC de réir chónaithigh, is an 48ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ungáir, é ar $28,910 don chónaitheach.

Dar le ''hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ungáir an 30ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 18ú tír is forbartha san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], as 28 ceann.<ref>{{Lua idirlín|url=http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI|teideal={{!}} Human Development Reports|work=hdr.undp.org|dátarochtana=2019-01-27}}</ref> I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ungáir an 69ú tír is sona, as 156 thír.
 
I Mí na Samhna 2018, bhí ráta [[Dífhostaíocht|dífhostaithe]] na tíre ar 3.7%, an ceathrú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics|teideal=Unemployment statistics - Statistics Explained|work=ec.europa.eu|dátarochtana=2019-01-26}}</ref>