An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 58:
 
De réir ''Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a dhéanann iarracht an réim mhaireachtála a thomas i ngach tír bunaithe ar ghnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an ochtú tír is forbartha ar domhan an Ghearmáin, as 151 tír a tomhaiseadh<ref>http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI</ref>. Cuireann sé í freisin ar an tríú tír is forbartha as 28 ballstát an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh ach amháin na [[An Fhionlainn|Fionlainne]] agus na [[An tSualainn|Sualainne]].
 
I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ghearmáin an 15ú tír is sona, as 156 thír.
 
Luaitear go minic freisin an córas oideachais agus an bhonneagair mhaith atá ag an nGearmáin mar chúiseanna ar rath eacnamaíochta na tíre. Tá fócas láidir ar oilteachtaí gairme chomh maith le hoilteachtaí acaidiúla sa chóras oideachais, a chiallaíonn go bhfuil daoine go leor ar fhéidir leo obair a dhéanamh sna tionscadail déantúsaíochtaí ar ceann d'urraí geilleagair na Gearmáine iad. Tá ag an Ghearmáin an gréasán mótarbhealaigh is faide san Eoraip, cé go bhfuil sé ráite ag roinnt beachtaithe nach bhfuil rialtas na Gearmáine ag déanamh a dhóthaine le neart bonneagair na tíre a chothú.<ref>https://www.economist.com/news/leaders/21728618-and-why-she-must-become-bolder-her-almost-inevitable-fourth-term-why-angela-merkel-deserves</ref>