An difríocht idir athruithe ar: "Lorenzo Ó Meachair"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Tús a shaoil: Nasc, ceartu beag litrithe
clib: Mobile edit Mobile web edit
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Tús a shaoil: Mo leithscéal - bhí mícheart orm!
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 29:
 
== Tús a shaoil ==
Sa bhaile beag [[Tulach Ruáin]] i [[Contae Chill CheannaighChainnigh|gContae Chill CheannaighChainnigh]] a saolaíodh Lory Ó Meachair ag casadh an chéid, agus baisteadh é leis an ainm neamhghnách Lorenzo Iognáid. Bhí an t-ainm Lorenzo á úsáid sa chlann ar feadh na blianta fada, agus bhí sean-uncail leis a bhí ina dhochtúir cabhlaigh. Tháinig Lory ar an saol i dteaghlach a bhí an-ghníomhach i bpolaitíocht náisiúnach agus sna [[Na Cluichí Gaelacha|cluichí Gaelacha]]. Creidtear go raibh a athair, Henry Joseph Meagher, ag an gcéad cruinniú a bhí ag an g[[Cumann Lúthchleas Gael]] riamh nuair a bunaíodh é i n[[Dúrlas Éile|Dúrlas]], [[Contae Thiobraid Árann]] sa bhliain [[1884]]. Ní ábhar ionaidh é gur ghríosaigh Henry a pháistí chun iomáint a imirt.
 
Taobh amuigh den pháirc imeartha, ba fhear cútháil agus cuibheasach é Lory ina shaol pearsanta. Chaith sé a shaol ar fad ag obair ar an bhfeirm, agus níor phós sé riamh. Bhí sé lán-sásta an cáil a sheachaint, agus é féin a choimeád as an spotsolas. Mar gheall ar an dearcadh seo, bhí sé amhrasach i gcónaí i leith hiriseoirí chomh maith.