An difríocht idir athruithe ar: "Réalteolaíocht"

Content deleted Content added
Bodto (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Cealaíodh athruithe Bodto (Plé); ar ais chuig leagan le Réaltaeolais
chlib amháin: Rollback
Líne 1:
[[Íomhá:Moon_Dedal_crater.jpg|thumb|right|275px|Réalteolaíocht na Gealaí: an cráitéar mór [[Daedalas (cráitéar)|Daedalas]], grianghraf a thóg criú [[Apollo 11]] agus iad ag dul timpeall ar an nGealach sa bhliain 1969. Tá Daedalas i lár an taoibh den Ghealach nach bhfuil le feiceáil ón Domhan agus a thrastomhas thart ar 58 míle (93 km).]]
 
Is éard atá i gceist leis an '''réalteolaíocht''' ná taighde ar na reanna neimhe, cosúil leis na [[réalta]]í, na [[pláinéad|pláinéid]], na [[cóiméad|cóiméid]], agus na [[réaltra|réaltraí]] na tráille, chomh maith leis na feiniméin go léir taobh amuigh d'[[atmaisféar an Domhain]], cosúil leis an radaíocht chosmach. Baineann an réalteolaíocht leis an éabhlóid, leis an bh[[fisic]], leis an g[[ceimic]], leis an [[meitéareolaíocht]] agus le gluaisne na reann neimhe, chomh maith le forbairt agus le fabhrú na cruinne.
 
Tá an réalteolaíocht ar ceann de na [[eolaíocht|heolaíochtaí]] is sine atá ann. Is dócha go raibh an duine réamhstairiúil féin i dtuilleamaí na réaltaí leis na treoracha a aimsiú agus é ag fánaíocht san [[fásach|fhásach]] nó ag [[seoltóireacht]] amuigh ar an teiscinn mhór. Bhí lucht réalteolaíochta éigin ag na cultúir is sine dá bhfuil aithne againn orthu, agus breathnuithe spéire idir lámhaibh acu go tráthrialta, ach tháinig na [[seandálaíocht|seandálaithe]] trasna ar ghléasra réalteolaíochta is sine ná na cultúir sin féin. Ón taobh eile de, níor tháinig an réalteolaíocht i gcrann mar bhrainse nua-aimseartha eolaíochta sular tógadh an chéad [[an teileascóp|teileascóp]]. Is féidir a rá gur craobhacha stairiúla réalteolaíochta iad an réaltmhéadracht, an loingseoireacht réaltach, an réalteolaíocht bhreathnaitheach, an fhéilireacht agus an [[astralaíocht]] féin, ach inniu, is gnách a shíleadh gurb ionann an réalteolaíocht nua-aimseartha agus an [[réaltfhisic]].