An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

8 bytes added ,  3 bliana ó shin
m
no edit summary
m (Tugtar 'an Ghaeilge' ar an dteanga seo i nGaeilge, rud a léiríonn na mór-fhoclóirí atá againn (féach ar na foclóirí atá le fáilt ar na suímh seo a leannas: teanglann.ie, foclóir. ie). Caithfear teideal an leathnaigh seo a cheartú (.i. 'An Ghaeilge') leis, dá bharr. D'fhéadfaí leathanach fén dtéarma 'Gaeilge na hÉireann' a chruthú chun an téarma é féin a mhíniú - fé mar atá déanta leis an dtéarma 'français de France' -, ach ba chóir go mbeadh 'An Ghaeilge' ina teideal ar an leathanach seo.)
mNo edit summary
== Stair ==
 
=== SeanAn tSean-Ghaeilge agus an tOgham ===
B'é an t[[Ogham]] an chéad chóras scríofa don Ghaeilge, ach is gnách an teanga a chur ar pár i litreacha Laidineacha le níos mó ná míle bliain anuas. Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den teanga, mar atá, an tSean-Ghaeilge, ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí Sean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí.
[[Íomhá:Irish_Verse_in_Codex_Boernerianus.JPG|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Irish_Verse_in_Codex_Boernerianus.JPG|mion|344x344px| [[An Bíobla]] (1 Cor 2-3) a scríobh manach Éireannach i [[Sankt Gallen]], [[An Eilvéis]]]]
Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl ''Phágánta'' na nOghamchloch.
 
===MeánAn Mheán-Ghaeilge ===
 
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na [[An tSean-Ghaeilge|Sean-Ghaeilge]], agus an [[An Mheán-Ghaeilge|Mheán-Ghaeilge]] ag teacht ina háit. [[Teangacha Ceilteacha|Teanga]] cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon [[An Caighdeán Oifigiúil|chaighdeán]] nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus [[Gramadach na Gaeilge|ghramadach]] chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir [[forcheartú]] a fheiceáil ansin—is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ''ná'' de réir chaint na ndaoine.
515

edits