An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
m Felo de Me moved page Gaeilge na hÉireann to An Ghaeilge over redirect: Tugtar 'An Ghaeilge' ar an dteanga seo i nGaeilge, rud a léiríonn na mór-fhoclóirí; ba chóir leathnach nua a chruthú fé 'Ghaeilge na hÉireann' chun an téarma san a mhíniú mar is cuí
Bhaineas sonraí míchruinne ó thús an ailt: Tugtar 'Gaeilge' ar an nGaeilge in Albain (.i. i nGaeilge na hAlban) agus 'Gàidhlig' ar Ghaeilge na hAlban - féach ar na hiontrálacha atá insan 'bhFaclair Beag'. Tá an rud céanna i gceist leis na focail 'Gaelg' agus 'Gailck'; focail a thugann muintir Ghaeilge Mhanann ar a dteanga féin atá iontu seachas focail a thugann siad ar an nGaeilge.
Líne 13:
Is ceann de na teangacha Gaelacha í '''an Ghaeilge''' (nó ''Gaeilge na hÉireann'' mar a thugtar uirthi corruair), a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is í an teanga náisiúnta nó dhúchais agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í. Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], atá mar chuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ar an [[13 Meitheamh]] [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T. D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: ''Gaedhealg'', ''Gaedhilge'' agus ''Gaedhilg'' (i g[[Conamara]]); ''Gaedhilic'', ''Gaeilic'' agus ''Gaeilig'' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]); ''Gaedhealaing'', ''Gaoluinn'' agus ''Gaeilinn'' (i bPort Láirge); ''Gaelainn'' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]); ''Gaedhlag'' ([[Ó Méith]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]); ''Gàidhlig'' (in [[Albain]]); ''Gaelg'' nó ''Gailck'' in [[Oileán Mhanann]]; agus ''Guithealg'' nó ''Goidelc'' (sa [[an tSean-Ghaeilge|Shean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá ''Gaoluinn'', leis, toisc gur mar ''é'' fada a fhuaimnítear ''ao'' an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.
[[Íomhá:Trier_Stadtbibliothek_137_Fol_56.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Trier_Stadtbibliothek_137_Fol_56.jpg|clé|mion|333x333px|8ú haois:  Collectio Canonum Hibernensis sa Trier Stadt[[Leabharlann|bibliothek]] (137 Fol 56), [[An Ghearmáin]], agus níos déanaí, an Civitate Dei (Augustinus)]]