An difríocht idir athruithe ar: "Teicnéitiam"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 12:
Is é an '''teicnéitiam''' an [[Dúil cheimiceach|dúil]] is éadroime acu siúd nach bhfuil ach [[iseatóp|iseatóip]] radaighníomhacha acu. Is é dúil cheimiceach [[Uimhir adamhach|uimhir]] a 43 é, agus é suite in aon ghrúpa leis an [[réiniam]] agus leis an [[mangainéis]], dhá dhúil a bhfuil sé gaolmhar leo ó thaobh na ceimice de. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná Tc-98, agus é 4 mhilliún agus dhá chéad míle bliain ar leathré; Tc-97, agus é 2.6 milliún bliain ar leathré; agus Tc-99, agus é 211 mhíle bliain ar leathré. Is é Tc-99 an t-iseatóp is tábhachtaí ó thaobh na teicneolaíochta agus na táirgíochta de, nó tá sé le fáil go réidh i ndramhaíl eamhnaithe na n-imoibreoirí núicléacha.
 
Níl an teicnéitiam ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Ba iad na [[fisiceoir|fisiceoirí]] Sicileacha Carlo Perrier agus [[Emilio Segrè]] a d'aithin an chéad uair é iin samplaeiseamal de thruflais radaighníomhach a fuair Segré mar bhronntanas ó Ernest O. Lawrence i ndiaidh dó cuairt a thabhairt in Ollscoil Berkeley le [[cioglatrón]] Lawrence a fheiceáil - ba é Lawrence a chéadcheap an cioglatrón. Go bunúsach, ní raibh i gceist ach páirteanna den chioglotrón nach raibh inúsáidte a thuilleadh, ó bhí siad éirithe radaighníomhach. Le cuidiú an cheimiceora Perrier, fuair Segrè amach gur dúil anaithnid ba chúis leis an radaighníomhaíocht sa sampla, agus d'iompaigh sé amach gurb é dúil uimhir a 43 a bhí i gceist - dúil a raibh tóir bhuile ag na ceimiceoirí uirthi le fada, ó bhí sliotán folamh ann di i d[[tábla peiriadach]] na ndúl. Bhaist siad teicnéitiam uirthi, is é sin, an dúil shaorga - tá gaol ag an ainm le "teicníocht", "teicneolaíocht" agus araile. Ní mó ná sásta a bhí lucht riaracháin Ollscoil Palermo leis an ainm seo, nó b'fhearr leosan ''panóirmiam'' a thabhairt ar an dúil nua agus ainm Palermo (''Panormus'' as Laidin) a bhuanú i mbéal phobal na heolaíochta.
 
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +IV, +V agus +VII. Cé gur miotal é an teicnéitiam, ní bhíonn sé fonnmhar chun iain dheimhneacha a dhéanamh. Ina áit sin, ceanglaíonn sé naisc chomhfhiúsacha. Tá dhá ocsaíd ag an teicnéitiam, mar atá, an heaptocsaíd détheicnéitiam Tc<sub>2</sub>O<sub>7</sub> agus dé-ocsaíd an teicnéitiam TcO<sub>2</sub>.